Deamán mac Cairill
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 572 |
Rí Cúige Uladh | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Fiachna mac Deamáin |
Athair | Cairell mac Muiredaig Muinderg |
Siblín | Báetán mac Cairill |
Rí Dhál Fiatach agus fosta Rí na nUladh ba ea Deatmán mac Cairill (Sean-Ghaeilge Demmán mac Cairill) (bás 572). Caireall mac Muireadaigh Muindhearg (bás 532), iar-rí Ulad, ba ea a athair, agus Baotán mac Cairill (bás 581) a dheartháir.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 557 go 572.[4]
De réir na nginealach, cuireadh amach ar altramas é le Domangart mac Predai éigin, Domangart Réti, rí Dhál Riada, b'fhéidir.[5] Tháinig sé i gcoróin na nUlad agus Feargna mac Aonghasa Iobhdaigh maraithe aige ag Cath Dhroim Cléithe (Cill Chléithe, Contae an Dúin), le tacaíocht ó Uí Echach Arda.[6][7][8] “[B]achlachaibh Boirne” (aoirí Boirne) a mharaigh é féin.[9]
Pósta le Garbae ingine Néilléne den Cineál Eoghain a bhí sé. Bhí cúigear mac aige, ina measc Fiachnae mac Demmáin (bás 627), rí Ulad nua deireanaí. Bhí a mhuintir, Clann Deamáin, i gceannas ina dhiaidh ar ríogacht an Dáil Fhiatach. Bhí a dhún, Ráth Deamáin, suite taobh thiar den Chrois Ghearr i bparóiste na Cille Móire, Contae an Dúin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, aguisín XXI
- ↑ Mac Niocaill, lch. 74
- ↑ Sa Leabhar Laighneach, insítear go raibh réimse 11 bliain aige; sna Sioncronachtaí Laud, 14 bliain.
- ↑ Ó Cróinín, lch. 216
- ↑ Annála Uladh, AU 557.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 556.2
- ↑ Ó Cróinín, lch. 216-217
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M565.2: Deman, mac Cairill, ricch Uladh, mic Muireadhoigh Muindeircc, do marbhadh la bachlachaibh Boirne.