David Trimble
Iar-pholaiteoir i dTuaisceart Éireann ab ea David Trimble, an Barún Trimble, PC[1] (15 Deireadh Fómhair 1944 – 25 Iúil 2022, 77 bliain d'aois), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus ina Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont ó 1998 go 2002.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar David Trimble agus John Hume an SDLP mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána sa Tuaisceart agus an bhaint mhór a bhí acu le Comhaontú Aoine an Chéasta.[2]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh David Trimble i mBeannchar i gcontae an Dúin. Scoláire i rannóg dlí Ollscoil na Banríona i mBéal Feiste ab ea é. Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste.
Chuaigh sé leis an bpolaitíocht sna 1970idí. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA).
Bhí sé ina bhall den eagraíocht aontachtach Vanguard. I 1975, Bhí a cháil amuigh ar feadh i bhfad mar bhunúsaí aontachtach.
Bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP, a raibh ceangal aige leis an bparamíleatachas), in éineacht le Glenn Barr ón UDA.
Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.
Chuaigh Trimble isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978.
Bhí sé ansin gur toghadh é ina Fheisire Parlaiminte i Westminster don Bhanna Uachtarach i 1990.[3]
1995-1998
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1995, bhí tuairimí an-docht ag Trimble i dtaobh an Aontachais.
Ar 11 Iúil 1995, bhí sé le feiceáil ar cheann na paráide de chuid an Oird Oráistigh (uillinn ar uillinn le Ian Paisley) ar Bhóthar an Gharbhachaidh le linn aighnis Dhrom Chrí i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha.[4]
Ar 8 Meán Fómhair 1995, agus a cháil amuigh níos mó ná riamh mar bhunúsaí Aontachtach, chuaigh Trimble i mbun cheannasaíocht an pháirtí. Toradh gan choinne a bhí ann; cheap na meáin go go mbeadh an bua ag John Taylor, de chuid eite mheasartha an pháirtí.
Bhí Trimble ina cheannaire ar an UUP idir 1995-2005,
Sa bhliain 1996, chuaigh Trimble i mbun idirbheartaíochta le Billy Wright, sceimhlitheoir agus síceapatach. Cúis náire ba ea an beart seo níos déanaí.[5]
Tháinig athrú ollmhór ar a mheon le linn 1997-1998 nuair a chonaic sé go raibh an tIRA i ndáiríre dul ar aghaidh leis an bpróiseas síochána. Léirigh an Trimbleach “crógacht thar na bearta” le linn na gcainteanna síochána, agus easaontas agus aighneas ina pháirtí féin, an UUP.[2]
Níos déanaí sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aitheantas ar an obair a rinne siad ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta thabhairt ar an saol.
1998-2002
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh an Trimbleach ina Chéad Aire ar Chomhthionól Stormont i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Ba é an chéad pholaiteoir sa ról sin ar ndóigh, é féin agus Seamus Mallon ón SDLP ag obair as lámha a chéile faoin chóras d'Hondt [6]
Bhí Trimble ina Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont go dtí 2002. . Bhí tréimhse an-challánach i ndán don Chomththionól sna luath-bhlianta, é ar fionraí go mion-minic de bharr easaontas, go háirithe ar cheist an díchoimisúnaithe de chuid an IRA. Ach d'oibrigh sé go dian sna blianta a tháinig i ndiaidh an Chomhaontaithe lena chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm ina iomlán é.
Choinnigh David Trimble a phost i ndiaidh dó féin ar dtús agus don pháirtí “aontú” ar pholasaithe na n-easaontóirí.[7] Ach sa bhliain 2002, bhí muinín sa phróiseas síochána ag titim as a chéile agus bhí an Trimbleach ag déanamh na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile.[8]
D'éirigh Trimble as ceannasaíocht an UUP i 2005 nuair a theip air suíochán a bhaint amach in Olltoghchán na Breataine.
Ar scor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. Ar an 17 Aibreán 2007 d'fhág sé páirtí an UUP agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí Caomhach na Breataine.
Fuair sé bás ar 25 Iúil 2022 " tar éis tinneas gearr", agus 77 bliain in aois dó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rí-Chomhairle na Ríochta Aontaithe
- ↑ 2.0 2.1 "David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-26). "Teagascóir le dlí a chuaigh le callán na polaitíochta" (as ga).
- ↑ "Drumcree conflict" (as en) (2022-07-06). Wikipedia.
- ↑ Jilly Beattie (2022-07-25). "David Trimble’s journey from Drumcree hardliner to peace prize winner" (en). BelfastLive. Dáta rochtana: 2022-07-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-26). "Ómós á léiriú d'iarcheannaire an UUP David Trimble" (as ga).
- ↑ Robert McMillen (D.F 2002). "An cath caillte ag Trimble" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-26.
- ↑ Robert McMillen (EAGRÁN 15 · IÚIL 2002). "Ábhar dóchais i dtuaisceart Aontroma" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-26.
- Daoine a rugadh i 1944
- Básanna in 2022
- Abhcóidí Éireannacha
- Alumni Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
- An Páirtí Coimeádach
- Buaiteoirí Dhuais Nobel na Síochána
- Céad-Airí Thuaisceart Éireann
- Comhaltaí den Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann
- Daoine as Contae an Dúin
- Fir
- Polaiteoirí Aontachtacha
- Preispitéirigh
- Protastúnaigh Éireannacha
- Uaisleacht Éireannach