Criomhthann mac Éanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCriomhthann mac Éanna
Beathaisnéis
Breith5 haois
Bás483
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÉnnae Cennsalach

Rí na Laigean de chlann Uí Chinnsealaigh ba ea Criomhthann mac Éanna (Meán-Ghaeilge Crimthann mac Énnai) (bás 483). Mac Éanna Chinnsealaigh, sinsear na clainne, ba ea é.[1][2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cathain ar tháinig sé i gcoróin, ach insítear agus i the nAnnála Uladh agus Chronicum Scotorum gur ceannaire arm na Laigean é Criomhthann i gCath Átha Dara (ag An mBearú i Mag Ailbe, deisceart Chontae Chill Dara) sa bhliain 458.[3][4] Chloígh na Laigin an tArd-Rí Laoghaire mac Néill (bás 462) agus ghabh siad é. They released him tar éis dó a gheallúint nach ngearrfadh sé an bhóramha ar na Laighin arís.

Bhaist Naomh Pádraig Criomhthann ag Ráth Bhile, Contae Cheatharlach.[5]

Maítear i nAnnála na gCeithre Máistrí go raibh Criomhthann i láthair ag Cath Ocha sa bhliain 482 nuair a maraíodh an tArd-Rí Ailill Molt, ach ní dhearbhaítear seo sna hannála eile.[6]

Insítear sna hannála gur goineadh go marfach sa bhliain 483 é, agus luaitear go sonrach sa Chronicum Scotorum gurbh Eochaidh Guineach Uí Bhairrche agus fir Arad Cliach ba chiontaí leis.[7][8]

De réir Céitinne, Congain ba ea ainm a bhean chéile. Bhí iníon acu darbh ainm Eithne Uathach (bás 490), a cuireadh ar altramas go dtí na Déise í agus a phós Aonghas mac Nadh Fhraoigh (bás 490), chéad rí Críostaí na Mumhan.[9] Maraíodh í agus a fear céile ag Cenn Losnada ar Mag Fea (gar de Leithghlinn, Contae Cheatharlach) sa bhliain 490, ag Uí Dhúnlainge agus an Eochaid Guinech Uí Bhairrche céanna a mharaigh a hathair.[10][11]

Bhí ar a laghad mac amháin aige, Nath Í mac Criomhthainn, rí Uí Chinnsealaigh.[12]. Ba iad a leanas mic Natha Í:

  • Eoghan Caoch (Éogan Cáech), rí Uí Chinnsealaigh, sinsear Síol Faolcháin, Síol Maoluír, Síol Éalaigh agus Síol Mealla (Síol Fáelchán, Síol Máeluidir, Síol nÉladaig agus Síol Mella)
  • Cormac, sinsear Síol Chormaic
  • Ailill, seanathair an Ard-Rí, Áed mac Ainmuirech.

Leaganacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Annála na gCeithre Máistrí, mac a iníne ba ea Eochaid Guinech.[13] Sna hannála úd, tugtar dáta níos luaite dá bhás, don bhliain 465.

I nginealaigh Uí Chinnsealaigh agus eile, ba í Mel chéad bhean chéile Chriomhthainn agus máthair Natha Í.

De réir Tairired na nDéisi (ina bhfuil dáta ar mhalairt ann), phós Criomhthann beirt deirfiúracha Mhealla, bean ar bhean. Máthair Ingren ba ea dara deirfiúr, agus ba mháthair Eochaid Guinech Uí Bhairrche í Ingen. Ba mháthair Eithne Uathaí í deirfiúr eile fós.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 8
  2. Charles-Edwards, Augustin XVIII; Mac Niocaill lch. 83
  3. Annála Uladh, AU 458.1, 459.2, 461.4
  4. Chronicum Scotorum, 458
  5. T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 234
  6. Annála na gCeithre Máistrí, M 478.1
  7. Annála Uladh, AU 483.2, 485.2
  8. Chronicum Scotorum, 484
  9. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Imleabhar I, ll. 315-317
  10. Annála Uladh AU 490.2, 491.3
  11. Annála Tiarnaigh, AT 489.2
  12. 'Corpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae', Ó Riain, Pádraig, eag., BÁC: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1985, §380.1
  13. Annála na gCeithre Máistrí, M 465.4
  14. "Y Cymmrodor" (1901) XIV: 101 – 135. Honourable Society of Cymmrodorion. 


Teimpléad:Laigin