Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaComhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach
Flag of the European Coal and Steel Community.svg
Bratach an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach Cuir in eagar ar Wikidata
Eu Coal and Steel Comm Luxembourg Place de Metz 01.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht réigiúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitInternational Authority for the Ruhr (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodhAibreán 18, 1951
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteIúil 23, 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitAn tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Headquarters (en) Aistrigh
UachtaránachtJean Monnet (1952–1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn tAontas Eorpach (1967–) Cuir in eagar ar Wikidata

An chéad institiúid Eorpach eacnamaíochta ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, a bunaíodh sa bhliain 1952 faoi Chonradh Pháras. 6 thír a bhí ina mbaill ar dtús: an Fhrainc, an Iar-Ghearmáin, an Iodáil, an Bheilg, an Ollainn is Lucsamburg.

Ba é a chuspóir dleachtanna custaim is srianta cuóta maidir le gual, mianach iarainn is seaniarainn a bhaint agus iomaíocht shaor chothrom sna hearraí sin a chothú. Athraíodh an t-ainm go dtí an Comhphobal Eorpach Eacnamaíochta (EEC) i 1957, agus an Comhphobal Eorpach (EC) i 1967.

Chuaigh Éire, an Danmhairg is an Ríocht Aontaithe isteach san EC i 1973, an Ghréig i 1981, an Spáinn is an Phortaingéil i 1986, agus an iar-Oir-Ghearmáin i 1990 (le hathaontú na Gearmáine). Athraíodh an t-ainm arís i 1993 go dtí an tAontas Eorpach (EU).

Chuaigh an Ostair, an Fhionlainn is an tSualainn isteach ann i 1995; Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic is an Ungáir i 2004; an Bhulgáir is an Rómáin i 2007.