Grúpa carbóinile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Carbóinil)
Comhdhúil le grúpa carbóinile (C = O)

Sa cheimic orgánach, is éard is grúpa carbóinile ann ná feidhmghrúpa comhdhéanta d'adamh carbóin dúbailnasctha le hadamh ocsaigine: C = O. Bíonn sé coitianta i measc aicmí éagsúla de chomhdhúile orgánacha, mar chuid de go leor feidhmghrúpaí níos mó. Tugtar, go minic, comhdhúil charbóinile ar ghrúpa carbóinile. I gcomhdhúile orgánacha, faightear í in aindéid, céatóin, aigéid charbocsaileacha, eistir is aimídí. I gcomhdhúile neamhorgánacha, faightear mar aonocsaíd charbóin chomhordaithe í. Tagraíonn an téarma carbóinil freisin d'aonocsaíde carbóin mar liogann i gcoimpléasc neamhorgánach nó orgánaimhiotalach (miotail carbóinile, m.sh. carbóinil nicile).


Comhdhúilí carbóinile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn na thréith seo a leanas ar fáil sna grúpaí carbóinile de chomhdhúile:

Comhdhúil Aildéad Céatóin Aigéad carbocsaileach Eistear Aimíd
Struchtúr Aldehyde Ketone Carboxylic acid Ester Amide
Foirmle ghinearálta RCHO RCOR' RCOOH RCOOR' RCONR'R''
Comhdhúil Eanón Hailíd aicile, Ainhidríd aigéadach Imíd
Struchtúr Enone Acyl chloride Acid anhydride Imide
Foirmle ghinearálta RC(O)C(R')CR''R''' RCOX (RCO)2O RC(O)N(R')C(O)R''

Tabhair faoi deara go bhfuil na lipéid is sonraí fostaithe de ghnáth. Mar shampla, tugtar 'ainhidríd aigéadach' seachas 'eistear' (a bhéas níos níos cineálaí) ar na sruchtúir R (CO) O (CO) R, cé go bhfuil an móitíf eistir fós ann. Is carbóinilí orgánacha eile iad úiré agus na carbamáitíacha, díorthaigh na gclóiríd aicile, na gclóraformáiteanna agus na foisgéine, eistir charbónáitithe, tiai-eistir, Lachtóin, lachtaim, hiodrocsaimídí, agus isicianáití. Samplaí de chomhdhúile carbóinile neamhorgánacha is ea dé-ocsaíd charbóin agus suilfíd charbóinile. Is grúpa speisialta de chomhdhúile charbóinile iad na comhdhúilí 1,3-décharbóinil ina bhfuil prótóin aigéadacha san aonad meitiléine lárnach. Sampla shampla; aigéad Meldrumm, Malónáit dé-eitile agus aicéitiolaicéatón.

dé-ocsaíd charbóin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]