Jump to content

BRICS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBRICS
lang=ga
(2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósBRIC (en) Aistrigh, an Bhrasaíl, an Rúis, an India, Daon-Phoblacht na Síne agus an Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcomhghuaillíocht tír
grúpa geopholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh16 Meitheamh 2009
Ócáid shuntasach
BRICS summit (en) Aistrigh
24 Nollaig 2010 méadú
15 Iúil 2014 bunú
24 Lúnasa 2023 méadú
6 Eanáir 2025 méadú Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Fochomhlacht
Codanna


X: bricsmedia Cuir in eagar ar Wikidata

Bloc cumhachta de thíortha móra "atá faoi fhorbairt"[1] is ea na BRICS (an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas, ar a dtugtar BRICS le chéile). Tá cónaí ar dhaichead faoin gcéad de dhaonra an domhain sna tíortha seo.

Eagraíocht atá ann chomh maith, chun comhoibriú a chothú idir tíortha. Ní comhghuaillíocht pholaitiúil atá sna BRICS, ach comhghuaillíocht eacnamaíochta, deirtear uaireanta. Tá difríochtaí suntasacha, i roinnt cásanna, idir tíortha BRICS.

Baill sa bhliain 2025
cruinniú mullaigh ghrúpa BRICS i mí Lúnasa 2023
Lula da Silva, Xi Jinping, Cyril Ramaphosa, Narendra Modi agus Sergey Lavrov (An Rúis), 22 Lúnasa 2023
Vladimir Putin i lár an aonaigh, Kazan 2024

Bunaíodh an eagraíocht BRICS in 2009 le comhoibriú trádála a chothú idir an Bhrasaíl, an Rúis, an India agus an tSín. Bhain an Afraic Theas ballraíocht amach in 2011.[2]

Sa bhliain 2014, bhunaigh an BRICS an Banc Forbartha Nua (an New Development Bank nó NDB), atá lonnaithe i gcathair Shanghai.[3]

Ag cruinniú mullaigh ghrúpa BRICS i mí Lúnasa 2023, glacadh le seisear ball nua – An Airgintín, an Iaráin, an Éigipt, an Aetóip, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Tá fiche a dó tír eile i ndiaidh iarratas ar bhallraíocht a chur isteach nó iad ag iarraidh comhoibriú leis an ngrúpa a phlé.

Sa bhliain 2024, reáchtáladh cruinniú mullaigh i gcathair Kazan, príomhchathair na Tatarstáine. Bhí ionadaithe as 32 tír i láthair, an Araib Shádach, an Iaráin, an Tuirc agus an Indinéis ina measc.[2][4]

Tá ballraíocht BRICS tarraingteach do na náisiúin sin atá ag lorg roghanna malartacha ar struchtúir eacnamaíochta agus airgeadais atá faoi cheannas an Iarthair.[2]

Tá na tíortha BRICS ina ngníomhaithe tábhachtacha i ndáil le comhoibriú forbartha.[5] Ag an BRICS méadaithe, tá 80% de tháirgeadh ola an domhain, 30% d’olltáirgeacht intíre an domhain ($30 trilliún) agus níos mó ná atá ag an G7[6].[7]

Ceapann na BRICS go léir go bhfuil tionchar Dollar na Stát Aontaithe róthábhachtach.[8] Tá an Rúis i gcónaí i bhfabhar 'airgeadra domhanda' a bheith ag na tíortha BRICS, agus an "dídhollarú".[9] Ach ní aontaíonn na tíortha eile[10] agus dúshlán ollmhór a bheadh ann ar aon nós ó thaobh na heacnamaíochta de (níor éirigh ró-mhaith ag an euro sa 21ú haois dúshlán a thabhairt don dollar).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baill nua, ó 2023 ar aghaidh

srl

  1. Alex Hijmans (11 Iúil 2015). "An Ghréig, na BRICS agus cóimheá chumhachta an domhain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 Eoin Ó Murchú (28 Deireadh Fómhair 2024). "BRICS ag dul ó neart go neart agus an dollar ag dul i laige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-28.
  3. BRICS (2023). "NDB" (en). New Development Bank. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  4. reuters.com (2024). "BRICS Kazan". Dáta rochtana: 2024.
  5. dfa.ie (2013). "Domhan Amháin, Todhchaí Amháin: Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta". Dáta rochtana: 2023.
  6. Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
  7. Eoin Ó Murchú (4 Meán Fómhair 2023). "Tá cumhacht an dollair ag meath agus tá na BRICS ag éirí níos láidre" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  8. "The BRICS countries aim to knock the dollar off its throne" (en). Le Monde.fr (2023-08-22). Dáta rochtana: 2023-09-05.
  9. Eoin Ó Murchú (30 Eanáir 2017). "Cén cluiche atá ar bun ag Donald Trump dáiríre?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  10. Todd Prince (2023-08-31). "A Common BRICS Currency To Challenge The U.S. Dollar? 'A Very Far-Fetched Notion,' Expert Says" (en). Radio Free Europe/Radio Liberty. Dáta rochtana: 2023-09-05.