Cyril Ramaphosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cyril Ramaphosa
Prime Minister Sunak met with President Ramaphosa of South Africa in Number 10 - 2022 (cropped).jpg
ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas

Bealtaine 21, 2014 - Feabhra 15, 2018
Leas-Uachtarán na hAfraice Theas

Bealtaine 26, 2014 - Feabhra 15, 2018
5. Uachtarán na hAfraice Theas

Feabhra 15, 2018 -
Jacob Zuma
ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas

Bealtaine 22, 2019 - Bealtaine 22, 2019
Toghchán: 2019 South African general election (en) Aistrigh
Cathaoirleach Aontas na hAfraice

Feabhra 10, 2020 - Feabhra 6, 2021
Abdel Fattah el-Sisi - Félix Tshisekedi (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheSoweto, 17 Samhain 1952 (70 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Afraic Theas
Teanga dhúchaisVenda (en) Aistrigh
Muintir
AthairTshivhase Samuel Ramaphosa
MáthairNyamuofhe Erdmuth Ramaphosa
Céile/CéilíTshepo Motsepe
Oideachas
Alma materOllscoil Harvard
Ollscoil Yale
Damelin (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisBachelor of Laws (en) Aistrigh
síceolaí cliniciúil
TeangachaVenda (en) Aistrigh
an Béarla
An tSúlúis
An Chóisis
Northern Sotho (en) Aistrigh
Gairm
Gairmpolaiteoir, ceardchumannaí, duine den lucht gnó, international forum participant (en) Aistrigh agus fiontraí
Duaiseanna
BallraíochtSouth African Students' Organization (en) Aistrigh
Black People's Convention (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaAn Chomhdháil Náisiúnta Afracach
Twittercyrilramaphosa
2018

Is polaiteoir, iarghníomhaí frith-chinedheighilte agus fear gnó é Cyril Ramaphosa, a rugadh ar 17 Samhain 1952 in Soweto san Afraic Theas.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Cyril Ramaphosa, a bhunaigh an NUM (National Union of Mineworkers) sa bhliain 1982[2], agus a bhí ina Ard-Rúnaí le blianta. Bhí sé ina réabhlóidí Marxach ag an am.

Níos déanaí, d'éirigh sé ina stiúrthóir ar Lonmin, an comhlacht ar leo an mianach ag Marikana.[3]

Bhí Ramaphosa ina rúnaí ginearálta ar an ANC ó 1991 go dtí 1997.

Toghadh Ramaphosa ina uachtarán ar an Afraic Theas i mí Feabhra 2018, i ndiaidh do Jacob Zuma éirí as mar gheall ar chonspóid faoi chaimiléireacht san ANC.[4]

2015

Próiseas síochána in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aithne ar Cyril Ramaphosa in Éirinn mar dhuine den bheirt fhear ar leagadh de chúram orthu airm an IRA a scrúdú lena dheimhniú go raibh siad curtha ó mhaith.[5] Le linn tréimhse chinniúnach sa phróiseas síochána in Éirinn rinne Ramaphosa, a bhí ina rúnaí ginearálta ar an ANC ag an am, agus iaruachtatán na Fionlainne, Martti Ahtisaari, iniúchadh ar stórais airm dhíchomisiúnaithe an IRA.

14/11/2019, Palácio do Planalto

Sa bhliain 2000, d’fhógair an bheirt imscrúdaitheoirí gur chreid siad go raibh iarracht mhacánta á déanamh ag an IRA ar son phróiseas na síochána.

Bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh dochtúireacht oinigh air sa bhliain 2005.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. europarl.europa.eu/ (2018). "[https://www.europarl.europa.eu/pdfs/news/expert/2018/11/story/20181108STO18507/20181108STO18507_ga.pd Ramaphosa: ‘Gabhaim buíochas leis an Eoraip as a ról agus deireadh á chur leis an gcinedheighilt san Afraic Theas’]". Dáta rochtana: 2021.
  2. "National Union of Mineworkers (South Africa)" (as en) (2021-02-06). Wikipedia. 
  3. Anton Mac Cába (22 Lúnasa, 2012). "An Afraic Theas agus an ANC smálaithe ag Ár Marikana. Gaelscéal". Dáta rochtana: 2021.
  4. Nuacht RTÉ (2018-02-15). "Ramaphosa tofa ina uachtarán nua san Afraic Theas" (as ga). 
  5. "Ramaphosa le toghadh mar Uachtarán ach meath ar thacaíocht an ANC" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-09.
  6. "2005 - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2021-02-15.