Jump to content

Avicenna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAvicenna

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fa) ابن سینا Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ar) أبو علي الحسين بن عبد الله بن الحسن بن علي بن سينا Cuir in eagar ar Wikidata
980
Afshona (Samanid Empire)
Bás18 Meitheamh 1037
56/57 bliana d'aois
Hamadan (Kakuyids)
Áit adhlacthaAvicenna Mausoleum (en) Aistrigh 34° 47′ 30″ N, 48° 30′ 47″ E / 34.79153°N,48.51317°E / 34.79153; 48.51317 Cuir in eagar ar Wikidata
Visír 'Adud al-Dawla
1024 – 1037 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam agus Siach
Áit chónaitheRay
Bukhara
Urgench
Gorgan
Hamadan
Teanga dhúchaisan Pheirsis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine, cumhartheiripe, fealsúnacht, loighic, Ilm al-Kalam (en) Aistrigh, filíocht, diagacht, eolaíocht an domhain, fealsúnacht na heolaíochta, fisic, síceolaíocht, réalteolaíocht, ceimic, geolaíocht agus meicnic
Gairmfealsamh, matamaiticeoir, ceimiceoir, eiticí, dlí-eolaí Ioslamach, fisiceoir, dochtúir leighis, teoiricí ceoil, file, réalteolaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaIslamic Golden Age (en) Aistrigh agus Shi'a Century (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidAbu Sahl 'Isa ibn Yahya al-Masihi
Mac/iníon léinnBahmanyār, Ibn Abi Sadiq agus Ali ibn Yusuf al-Ilaqi (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Araibis agus an Pheirsis
Saothar
Saothar suntasach

Fealsamh agus fear leighis Peirseach den gcreideamh Moslamach ab ea Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina, nó Ibn Sīnā, nó Avicenna mar a thugtar air i Laidin agus i bhformhór theangacha na hEorpa. Do rugadh é gar do Bhúkhara, i bproibhinse Chorasáin Mhóir (réigiún atá suite in Úisbéiceastáin an lae inniubh), ar an 7ú lá de Lúnasa sa bhliain 980 agus do fuair sé bás, i gcathair Hamadán (cathair atá suite in Iaráin an lae inniubh), le linn Mhí an Mheithimh sa bhliain 1037. Cé gur scríobh sé i bPeirsis leis, is in Araibis a scríobh Avicenna mórchuid dá shaothar, saothair a bhaineann le réimsí éagsúla an eolais - an réalteolaíocht, an ailceimic, agus an aigneolaíocht, ina measc. Do thugadh lucht leanúna Avicenna "Seich al-Ra'íos" (Gaeilge: 'Prionsa na Saoithe') air lena linn.

Do scríobh Aviceanna 450 saothar, agus tá thart ar 240 desna saothair sin againn go fóill - 150 saothar a bhaineann leis an bhfealsúnacht, 40 saothar a bhaineann le cúrsaí leighis, agus saothair éagsúla a bhaineann leis an dtíreolaíocht, leis an ndiagacht, leis an bhfisic, chomh maith le saothair fhilíochta. Is iad na saothair is tábhachtaí de chuid Avicenna ná an chiclipéid a scríobh sé fé chúrsaí leighis, Riail na Liachta (Araibis: كتب ا لقا نون في ا لطب ['Ciotáb al Cánún fi al-Tib']), agus an chiclipéid fhealsúnachta a scríobh sé chun anam an duine a leigheas ar a ainbhios, Leabhar an Leighis (Araibis: کتاب الشفاء ['Ciotáb al-Sifeá']).

Sa lá atá inniubh ann, agus cé nach féidir ach le staraithe amháin leas a bhaint as na leabhair a scríobh Avicenna fé chúrsaí leighis, tá tábhacht ar leith leis na saothair fhealsúnachta dá chuid. Saothair is ea iad a bhfuil tionchair dhá thraidisiún fealsúnachta le feiscint iontu, traidisiún an Oirthir agus traidisiún an Iarthair. Tá oidhreacht Avicenna fós beo in Ioslam na hIaráine. San Iarthar, tá Aviceanna agus a chuid saothar fós ina n-ábhair mhachnaimh d'fhealsúna.