Ardteistiméireacht
Scrúdú poiblí sinsearach dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann is ea an Ardteistiméireacht, nó Scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn sí á stiúradh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit[1].
Cláir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roghnaíonn an chuid is mó de scoláirí na hArdteistiméireachta an Ardteistiméireacht Bhunaithe[2]. Is clár 2 bhliain é an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Tá réimse leathan ábhar ar fáil ann.
Déantar staidéar ar na hábhair go hiondúil ag gnáthleibhéal nó ardleibhéal. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhá ábhar (Matamaitic agus Gaeilge) ag bunleibhéal. Tá an bunleibhéal bunaithe ar riachtanais scoláirí a mbeadh deacracht acu leis an gnáthleibhéal nó ardleibhéal sna hábhair sin.
Go hiondúil déanann scoláirí staidéar ar 6 nó 7 ábhar sa tSraith Sinsearach. Caithfidh siad 5 ábhar ar a laghad, Gaeilge san áireamh a roghnú le haghaidh na Ardteistiméireachta Bunaithe.
Measúnacht agus scrúduithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar an Ardteistiméireacht bhunaithe a mheasúnú le scrúdú scríofa ag deireadh an chláir 2 bhliain. Tá scrúduithe praiticiúla agus obair thionscadail i gceist in ábhair áirithe mar shampla Ealaíon, Staidéar Foirgníochta agus Innealtóireacht. Tá béaltrialacha ann sa Ghaeilge agus i dteangacha na Mór-Roinne. Tarlaíonn na scrúduithe praiticiúla agus na béaltrialacha i rith bliana deiridh an chláir.
Bíonn an scrúdú scríofa ann i Mí an Mheithimh gach bliain.
Gach bliain ar an dara Céadaoin de Lúnasa, bíonn na torthaí ar fad ar fáil ar líne (examinations.ie[3]) ó uair an mheán-lae, ach i bpearsan ó na scoileanna ó 09.00 ar maidin.
Córas marcála le haghaidh grád scrúduithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 8 ngrád ag an scála, an grád is airde ná Grád 1, agus an grád is ísle ná Grád 8.
Tagann an scála grádaithe nua de 8 bpointe in áit an scála 14 pointe ag Ardleibhéal agus Bunleibhéal araon.
Roinntear marcanna idir 100% go 30% i seacht rann gráid (1-7). Tá gach rann 10% leathan.
Oideolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cinneann an tAire Oideachais, a fhaigheann comhairle ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an curaclam do scoileanna na hÉireann.
De réir taighde[4] ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, is ag brath ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhíonn daltaí na hArdteiste seachas a bheith ag réiteach fadhbanna as a stuaim féin. Mar sin, is beag tástáil a dhéantar i scrúdú na hArdteiste ar scileanna a bhaineann le réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht.
Ábhair ar fáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na hábhair atá liostaithe thíos ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta, cé nach n-ofrálann formhór na scoileanna ach líon teoranta. Tá na hábhair i gcúig ghrúpa, agus baineann formhór na n-ábhar le grúpa amháin.
Teangacha éigeantacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- T1, An Béarla (éigeantach le heisceachtaí)
- T2, An Ghaeilge (ag teastáil ó roinnt ollscoileanna le haghaidh máithreánach, éigeantach le heisceachtaí)
Teangacha neamhéigeantacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- T2, An tSean-Ghréigis †
- T2, An Araibis
- T2, An Fhraincis
- T2, An Ghearmáinis
- T2, An Eabhrais
- T2, An Iodáilis
- T2, An tSeapáinis
- T2, An Laidin †
- T2, An Rúisis
- T2, An Spáinnis
- T2, Staidéar clasaiceach †
Teangacha neamh-churaclaim Ní féidir na teangacha seo a leanas a thógáil ach amháin má tá an mac léinn ó bhallstát den Aontas Eorpach, má labhraíonn sé/sí an teanga ina roghnaíonn sé/sí a bheith curtha faoi scrúdú mar mháthairtheanga, gur lean sé/sí clár staidéir as a dtáinig an Ardteistiméireacht agus má tá sé/sí ag tógáil English san Ardteistiméireacht freisin. Coinníoll eile is ea gur féidir le hiarrthóir scrúdú a dhéanamh in ábhar teanga neamh-churaclaim amháin.[5]
- An Bhulgáiris
- An Chróitis
- An tSeicis
- An Danmhairgis
- An Ollainnis
- An Eastóinis
- An Fhionlainnis
- An Ghréigis
- An Ungáiris
- An Laitvis
- An Liotuáinis
- An Mháltais
- An Pholainnis
- An Phortaingéilis
- An Rómáinis
- An tSlóvaicis
- An tSlóivéinis
- An tSualainnis
Eolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Matamaitic
- Matamaitic (éigeantach le heisceachtaí)
- Matamaitic fheidhmeach
Eolaíochtaí saotharlainne
- Fisic †
- Ceimic †
- Bitheolaíocht
- Fisic agus ceimic (comhcheangailte) † (sa ghrúpa Eolaíochta Feidhmí freisin)
Staidéir ghnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuntasaíocht
- Eacnamaíocht talmhaíochta †
- Gnó
- Eacnamaíocht †
Eolaíocht feidhmeach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eolaíocht talmhaíochta
- Staidéar tógála
- Innealtóireacht
- Eacnamaíocht bhaile, eolaíoch agus sóisialta (sa ghrúpa Staidéar Sóisialta freisin)
- Fisic agus ceimic (comhcheangailte) † (sa ghrúpa Eolaíochta freisin)
- Grafaicí dearaidh agus cumarsáide ("líníocht theicniúil" roimhe seo)
- Teicneolaíocht
- Ríomheolaíocht
- Corpoideachas
Staidéir shóisialta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ealaín
- Tíreolaíocht
- Stair
- Eacnamaíocht Bhaile, eolaíoch agus sóisialta (sa ghrúpa Eolaíochta Feidhmeach freisin)
- Ceol
- Polaitíocht agus an tSochaí
- Oideachas reiligiúnach
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- COGG - IAR-BHUNSCOIL: Liosta iomlán áiseanna teagaisc
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2017-05-25.
- ↑ citizensinformation.ie. "An Ardteistiméireacht Bhunaithe". Dáta rochtana: 13 Lúnasa 2018.
- ↑ Examinations.ie. "[ttps://www.examinations.ie/?l=ir&mc=se&sc=sh Examinations.ie]". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
- ↑ tuairisc.ie (2018). "An lámh in uachtar ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ar an smaointeoireacht chriticiúil san Ardteist – taighde nua". Dáta rochtana: 14 Lúnasa 2018.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-30. Dáta rochtana: 2021-02-24.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |