Matamaitic fheidhmeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is brainse den mhatamaitic í an mhatamaitic fheidhmeach a bhaineann úsáid as uirlisí teibí matamaitice chun fadhbanna a réiteach sna heolaíochtaí, i ngnó agus i réimsí eile nach iad. Is réimse tábhachtach matamaitice feidhmí é an staidreamh a bhaineann leas as teoiric na dóchúlachta mar uirlis agus a cheadaíonn tuairisciú, anailísiú agus réamhaisnéis na bhfeiniméan ina bhfuil ról ag seans.