An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bratach na heagraíochta

An chéad institiúid Eorpach eacnamaíochta ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, a bunaíodh sa bhliain 1952 faoi Chonradh Pháras. 6 thír a bhí ina mbaill ar dtús: an Fhrainc, an Iar-Ghearmáin, an Iodáil, an Bheilg, an Ollainn is Lucsamburg. Ba é a chuspóir dleachtanna custaim is srianta cuóta maidir le gual, mianach iarainn is seaniarainn a bhaint agus iomaíocht shaor chothrom sna hearraí sin a chothú. Athraíodh an t-ainm go dtí an Comhphobal Eorpach Eacnamaíochta (EEC) i 1957, agus an Comhphobal Eorpach (EC) i 1967. Chuaigh Éire, an Danmhairg is an Ríocht Aontaithe isteach san EC i 1973, an Ghréig i 1981, an Spáinn is an Phortaingéil i 1986, agus an iar-Oir-Ghearmáin i 1990 (le hathaontú na Gearmáine). Athraíodh an t-ainm arís i 1993 go dtí an tAontas Eorpach (EU). Chuaigh an Ostair, an Fhionlainn is an tSualainn isteach ann i 1995; Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic is an Ungáir i 2004; an Bhulgáir is an Rómáin i 2007.