Aigéad ellagach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tAigéad ellagach, bunstruchtúr móilíneach

Is frithocsaídeoir de chuid fheanóil aiceanta é an tAigéad ellagach a fhaightear i go leor torthaí agus glasraí, lena n-áirítear sméara dubha, sútha craobh, sútha talún, mónóga, gallchnónna, peacáin, pomagránait, Lycium barbarum agus bianna plandaí eile. Ghríosaigh airíonna frithiomadaitheacha agus frithocsaídeoireacha an aigéid réamhthaighde chun a fháil amach an mbeadh buntáistí sláinte ann do thomhaltóirí an aigéid.