Fraochán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFraochán
Vaccinium myrtillus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defraochán Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEricaceae
GéineasVaccinium
SpeiceasVaccinium myrtillus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is éard atá i gceist leis an bhfraochán[1] (Vaccinium myrtillus) ná tor duillsilteach agus é ag tabhairt caora dubha cruinne a mbíonn cineál coirt ghorm orthu. Fásann an tor go leathmhéadar airde, a bheag nó a mhór, agus aithnítear ar dhuilleoga ubhchruthacha ailtéarnacha é. Bíonn an fraochán an-choitianta san áit a mbíonn ithir aigéadach a fháil, go háirithe i gcnoic Dheisceart na hEorpa, i gcoillte oscailte agus ar mhóinteáin.

Tá caora an fhraocháin an-bhlasta, agus iad á mbácáil isteach i bpióga nó á n-ithe le bainne, le huachtar nó le siúcra. Fágann an fraochán smál doghlanta ar na héadaí, áfach. Is féidir caora fraocháin a choinneáil thar an ngeimhreadh sa reoiteoir.

Vaccinium myrtillus - an fraochán

Tá an fraochán gaolmhar leis an mbódhearc.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pamela Foley agus Cecilia Fitzsimmons: Eolaí Póca: Biaphlandaí. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997, Nicholas Williams a d'aistrigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Vaccinium myrtillus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.