Bódhearc
Cuma
| Vaccinium vitis-idaea | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | lingonberry (en) |
| Planda | |
| Cineál an toraidh | caor |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 18748884 |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Ericales |
| Fine | Ericaceae |
| Géineas | Vaccinium |
| Speiceas | Vaccinium vitis-idaea L., 1753 |

Is é bódhearc[1] (Vaccinium vitis-idaea) an t-ainm a thugtar ar chineál tor atá coitianta i dTuaisceart na hEorpa, agus an-ghaol aige leis an bhfraochán. Tugann an bhódhearc caora inite cosúil leis an bhfraochán, ach tá blas i bhfad níos géire iontu ná i gcaora an fhraocháin, agus ní thaithníonn siad le cách. Is é an t-aigéad beansóch a fhágann an blas géar i gcaora na bódheirce, ó tá sé le fáil iontu go nádúrtha. Tá caor na bódheirce cosúil le caor an fhraocháin, ach amháin go bhfuil sí dearg.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Vaccinium vitis-idaea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |