Lus an choire
Cuma
Coriandrum sativum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | coriander seed (en) , cilantro (en) , coriander seed oil (en) agus coriander extract (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Coriandrum |
Speiceas | Coriandrum sativum L., 1753 |
Planda bliantúil a fhásann 50 cm ar airde, dúchasach do thuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise is ea lus an choire.[1] Maotháin chaola líneacha ar na duilleoga. Na bláthanna bán nó bándearg, na peitil neamhchothrom in umbail 1-3 cm ar leithead. Na torthaí 3-4 mm ar leithead, cruinneogach. Saothraítear é ar son na nduilleog, a úsáidtear i gcócaireacht Shíneach, Indiach is Mheicsiceach, agus na dtorthaí a úsáidtear mar spíosra in ispíní, curaithe, milseogra, is licéir.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Coriandrum sativum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lus an choire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |