Ruithéal rí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas croibh dheirg atá bliantúil nó ilbhliantúil, a fhásann suas le 50 cm ar airde. Gais dhearga ar na duilleoga, roinnte go bosach i maotháin dhomhanfhiaclacha. Na bláthanna timpeall 1 cm ar leithead, bándearg. An toradh gobach. Dúchasach do na réigiúin mheasartha san Eoraip, an Áise is tuaisceart na hAfraice, agus tugadh isteach i réigiúin eile é.