Spuirse
Appearance
Euphorbia | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | cnó |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Euphorbiaceae |
Fofhine | Euphorbioideae |
Géineas | Euphorbia L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Euphorbia antiquorum |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Aon bhall de ghné mhór plandaí atá le fáil ar fud an Domhain agus a tháirgeann laitéis is ea spuirse.[1] Is plandaí bliantúla cuid acu, plandaí ilbhliantúla cuid eile, agus toim cuid eile fós. Is cosúil le cachtais cuid acu, a mhaireann i réigiúin thirime is iad tar éis oiriúnuithe cosúla a éabhlóidiú go neamhspleách. Nuair nach bhfuil siad ag bláthú, ní féidir iad a idirdhealú ó chachtais ach ar bhonn na laitéise. Tugtar cyathium ar a bhláth sainiúil, bláthra dlúite laghdaithe ina mbíonn ubhagán amháin (an bláth baineann), roinnt staimíní (na bláthanna fireanna), 4 fhaireog mhór, agus fáinne brachtanna geala daite atá cosúil le hiombhláthanna.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Euphorbia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Spuirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |