Cuilghaiste Véineas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuilghaiste Véineas
Dionaea muscipula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN39636 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineDroseraceae
GéineasDionaea
SpeiceasDionaea muscipula Cuir in eagar ar Wikidata
J.Ellis, 1768
Ainmníocht
Ex taxon author (en) AistrighSol. Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is planda beag ilbhliantúil ascnaideach é cuilghaiste Véineas.[1] Tá sé dúchasach do na coillte neamhthorthúla péine in oirdheisceart na Stát Aontaithe. Na duilleoga i gcnotaí. Na bláthanna bán le 5 pheiteal, i spící caola suas le 15 cm ar airde. Gach duilleog ina dhá leath, cuid íochtarach sciathánach is cuid uachtarach (an gaiste) ina dhá liopa leathsféarúla le 3 thruicearghruaig i ngach ceann agus fiacla mar imeall air. Má spreagann feithid na gruaigí seo, dúnann na liopaí go daingean de phreab, tálann faireoga dearga ar dhromchlaí na liopaí einsímí, agus díleánn an planda an chreach go hiomlán roimh athoscailt na duilleoige.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Dionaea muscipula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cuilghaiste Véineas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 191.