Jump to content

Droseraceae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDroseraceae Cuir in eagar ar Wikidata

cuilghaiste Véineas Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineDroseraceae Cuir in eagar ar Wikidata
Salisb., 1808
Cineál tacsanomaíochDrosera Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Stádas ainmníochtanomen conservandum Cuir in eagar ar Wikidata

Fine de phlandaí bláthanna feoiliteacha is ea Droseraceae, ar a dtugtar drúchtín freisin. Tá sé comhdhéanta de thart ar 180 speiceas i dtrí ghéineas ar marthain.[1] Faightear ionadaithe na nDroseraceae ar gach mór-roinn seachas Antartaice.[2]

Is plandaí luibheacha feoiliteacha iad Droseraceae a d'fhéadfadh a bheith ina bplandaí bliantúla nó ilbhliantúla. Tá a gcuid duilleoga malartach agus osclaíonn siad amach sa chaoi is go mbíonn an dromchla uachtarach (onn-aiseach ) ag gathú amach de réir a chéile ó shuíomh corntha nó cuachta. Bíonn dromchla duille amháin ar a laghad ina bhfuil ribí le faireoga táirgthe gumalachta ag an rinn. Bíonn a gcuid bláthanna déghnéasach, de ghnáth le trí chairpéal agus cúig seipéal, peitil agus staimín.  Tá a gcuid grán pailine triphóireach nó ilphórach agus scaoiltear i dteitrid iad. In ainneoin gur feoiliteoirí iad, pailníonn feithidí a gcuid bláthanna, atá bán go corcra de ghnáth agus a fhilleann suas san oíche. Táirgeann siad síolta beaga atá scaipthe ag gaoth agus uisce. [3]

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Richard Anthony Salisbury cur síos ar an bhfine Droseraceae sa bhliain 1808.[4] Is é Drosera L. an cineál tacsanomaíoch.[5] Tá trí ghéineas sa fhine:[4]

  1. Christenhusz, M. J. M. (2016). "The number of known plants species in the world and its annual increase". Phytotaxa 261 (3): 201–217. Magnolia Press. doi:10.11646/phytotaxa.261.3.1.
  2. Gonella, P. M. (2017). Systematics of Drosera sect. Drosera s.s. (Droseraceae) (Doctoral dissertation, Universidade de São Paulo).
  3. Judd (2018). "Plant Systematics: A Phylogenetic Approach": 459. MA, USA: Sinauer Associates. ISBN 978-1-60535-389-0.
  4. 1 2 Droseraceae Salisb. (n.d.). Plants of the World Online. Retrieved February 14, 2026, from https://powo.science.kew.org/taxon/urn:lsid:ipni.org:names:77126644-1
  5. Droseraceae Salisb. (n.d.-b). International Plant Names Index. Retrieved February 15, 2026, from https://www.ipni.org/n/77126644-1