Drosera
Drosera spatulata | |
Taifead | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Droseraceae |
Géineas | Drosera L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Drosera rotundifolia |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Géineas plandaí beaga ascaideacha feoiliteacha, de ghnáth ilbhliantúil, is ea Drosera. Tugtar drúchtíní nó drúchtíní móna orthu.[1] Tá siad dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha san Astraláise is an Afraic Theas. Na duilleoga spúnógchruthach nó liánchruthach, clúdaithe le gruaigí fada dearga. Na bláthanna cúigpheitealach le spící caola. Is cosúil le brathribí na ribí gruaige ar na duilleoga, iad inghluaiste, gach ceann le faireog sféarúil ar a cheann a thálann ábhar greamaitheach. Aomtar feithidí chuig na braoiníní lonracha agus greamaítear iad ansin. Nuair a thosaíonn siad ag coraíocht, lubann na gruaigí isteach, ag cur bac orthu éalú. Ansin lúbann an duilleog féin isteach chun an chreach a imchlúdú. Tálann na faireoga einsímí ansin, agus díleánn an planda an chreach roimh athoscailt na duilleoige is na ribí gruaige. Tá ar a laghad 194 speiceas ann.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Drosera” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Drúchtín móna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |