Capsicum annuum
| Sonraí | |
|---|---|
| Is foinse é an tacsón seo de | piobar, piobar sillí agus paprika oleoresin (en) |
| Planda | |
| Cineál an toraidh | caor |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 100895534 |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Solanales |
| Fine | Solanaceae |
| Treibh | Capsiceae |
| Géineas | Capsicum |
| Speiceas | Capsicum annuum L., 1753 |
Is éard is Capsicum annuum na speiceas den ghéineas planda Capsicum atá ina phlanda nádúrtha i Meiriceá Thuaidh agus i dtuaisceart Mheiriceá Theas. Is é seo an speiceas is coitianta agus is forleithne saothraithe de chuid na cúig capsacam ceansaithe.
Cuimsíonn an speiceas raon leathan de chruthanna agus mhéideanna piobair, idir séimh agus te, ó phiobair cloigíneacha go piobair sillí. Shíolraigh na saothróga ón éanphiobar fiáin Meiriceánach a bhíonn ar fáil fós sna réigiúin níos teo de chuid críocha Mheiriceá.
San am atá caite ghlaoití ''C. frutescens'' ar fhoirmeacha adhmadach den speiceas seo, ach tá na gnéithe a úsáideadh chun idirdhealú a dhéanamh ar na foirmeacha sin ar fáil i go leor daonra de C. annuum agus níl aon speiceas de C. frutescens atá aitheanta go seasta.
Saintréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go ciallaíonn an ainm an speicis annuum "bliantúil" (ón Laidin annus "bliain"), níl an planda bliantúil agus in éagmais siocáin an gheimhridh is féidir leis maireachtáil i gcomhair séasúr éagsúil agus agus fás ina thor mór ilbhliantúil.

Bíonn dath na mbáthanna singile neasbhán (uaireanta corcora) nuair a bhíonn an gas dlúth-chraobhach agus suas go 60 ceintiméadar ar airde. Bíonn na torthaí ina chaora a d'fhéadfadh a bheith glas, buí nó dearg nuair a bhíonn siad aibí. Cé gur féidir leis an speiceas glacadh le formhór na n-aeráid, tá C. annuum tháirgiúil go háirithe le fáil sna haeráidí te agus tirim.