Jump to content

Sméar dhubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaSméar dhubh
FoinseSméar dhubh
Sonraí
Cineálildrúp, caor agus toradh


Is toradh inite é an sméar dhubh[1][2] a tháirgtear trí aon cheann de na speicis éagsúla sa ghéineas Rubus ón bhfine Rosaceae. Is planda ilbhliantúil é an sméar dubh (Rubus fruticosus L.), cé go bhfuil a thacsanomaíocht an-chasta agus débhríoch.

Beannchar, Smelt Mill Bay
Béal Feirste
i mbláth
  • Tom spíonach snámhaíle le gais stuacha ilbhliantúla a fhréamhaíonn ag na foircinn, dris.[3]
  • Dúchasach don Eoraip is réigiún na Meánmhara, ach tugadh isteach i gcuid mhaith tíortha eile í.
  • Cruthaíonn sí muineach fairsing. Tá na duilleoga roinnte i 3-5 dhuilleoigín fiaclach, na bláthanna iomadúil, in iombhláthanna foirceann, bán nó bándearg éadrom.
  • Is é a bhíonn sa sméar ná bailiúchán cairpéal aonsíl nach scarann ón ngabhdán, atá ar chuma croíleacáin, nuair a bhíonn siad aibí. An-éagsúil ó phlanda go planda.[3]

Atáirgeann cuid mhaith díobh gan crosphórú, agus cruthaíonn grúpaí clónacha a nglactar leo mar mhicrispeicis (mar shampla, tá os cionn 400 díobh sa Bhreatain amháin).[3]

Fásann gas nua (ar a dtugtar "cáin") óna fhréamhacha gach bliain. Sa chéad bhliain, síneann an cháin amach go dtí thart ar 3–6 méadar ar fad, ag luí ar an talamh, agus bíonn duilleoga móra pailmeacha uirthi le 5 go 7 bileog. Ní thugann sí bláthanna ar bith sa chéad bhliain.

Sa dara bliain, ní fhásann an phríomhcháin níos faide, ach osclaíonn na bachlóga taoibhe chun bláthanna a thabhairt. Bíonn dealga gearra lúbacha ar na gasanna i rith an dá bhliain, cé go bhfuil cineálacha gan dealga forbartha ón 21ú haois ar aghaidh.

Ceiliúrtar Féile na bPuiteachaí[4] in Inis Meáin i rith mhí Mheán Fómhair.

Deirtear go mbíonn an púca i mbun diabhlaíochta leis na puiteachaí Oíche Shamhna agus nár cheart do dhaoine iad a phiocadh i ndiaidh na hoíche sin.[5]

  1. “sméar dhubh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-09.
  2. sméara dubha (iolra); i mBéarla, blackberry / blackberries
  3. 3.0 3.1 3.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coisceim). 
  4. focal canúnach in Inis Meáin do sméara dubha
  5. Aedín Ní Thiarnaigh (2025-09-05). "Puiteachaí & airní Inis Meáin – An Páipéar" (en-US). Dáta rochtana: 2025-09-05.