Fonn Oighir agus Tine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó A Song of Ice and Fire)
WD Bosca Sonraí LeabharFonn Oighir agus Tine
(en) A Song of Ice and Fire Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith úrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGeorge R. R. Martin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Meiriceánach agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá, 1996 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirBantam Books, HarperCollins, Gigamesh (en) Aistrigh, J'ai Lu (en) Aistrigh, Gigamesh (en) Aistrigh, Leya (en) Aistrigh agus AST (en) Aistrigh
Le cuidCluiche na Corónach
A Dance with Dragons
The Winds of Winter
A Feast for Crows
A Clash of Kings
A Storm of Swords
A Dream of Spring Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánrafantaisíocht agus ardfhantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaKing's Landing (en) Aistrigh
Westeros
Essos (en) Aistrigh
Sothoryos
Ultos (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilWorld of Ice and Fire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthasBarr-100 Leabhar Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta de chuid NPR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáingeorgerrmartin.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith fantaisíochta eipiciúil é Fonn Oighir agus TineA Song of Ice and Fire leis an údar agus an scríbhneoir scáileáin Meiriceánach George R. R. Martin. Thosaigh Martin ar an tsraith úrscéalta sa bhliain 1991, agus foilsíodh an chéad imleabhar, Cluiche na CorónachA Game of Thrones, sa bhliain 1996. Bheartaigh Martin tríológ a scríobh i dtosach báire, ach le himeacht ama, d'fhás an tsraith chomh mór sin go raibh air an cinneadh a dhéanamh sraith de cheithre leabhar a dhéanamh di, agus níos moille arís, fadaíodh í go seacht leabhar. Ghlac an cúigiú imleabhar, A Dance with Dragons, cúig bliana lena scríobh go dtí gur foilsíodh é sa bhliain 2011. Tá an séú leabhar, The Winds of Winter, á scríobh ag Martin i láthair na huaire.

Tarlaíonn móreachtraí na sraithe ar dhá ilchríoch fhicseanúla, Iartharas (Westeros) agus Oirthearas (Essos), a mbaineann stair fhada leo araon a théann na cianta siar go dtí nach féidir an fhírinne a dhealú ón fhinscéal. Insítear an plota sa tríú pearsa ó dhearcadh na gcarachtar, agus faoin gcúigiú úrscéal, cuireadh caibidlí faoinár mbráid ó dhearcadh 31 duine. Fítear trí scéal éagsúla le chéile sa tsraith théagartha: déantar croiniceacht ar chogadh ríoraí idir teaghlaigh uaisle na Seacht Ríocht (The Seven Kingdoms) a fheartar chun an Ríchathaoir Iarainn (The Iron Throne) agus réim Iartharais a bhuachan; leantar aiséirí bagrach an Aos Alltair (The Others) - neacha fuara oighreata a chaith na cianta faoi shuan lastuaidh ón Múr ollmhór oighir a scarann an fiántas ón tsibhialtacht ag teorainn thuaisceartach na Seacht Ríocht; agus is é an treas cuid ná eachtra uaillmhianach Danaeras Tairgéirian (Daenerys Targaryen), iníon dheoraíoch an rí a maraíodh i gcogadh cathartha díreach sular rugadh í, agus í ag iarraidh filleadh ar Iartharas lena trí dhragan chun a ceart folaíochta, coróin na Seacht Ríocht, a éileamh ó na forghabhálaithe a d'athrígh a cineálsa.

Údar na sraithe Fonn Oighir agus Tine, George R.R. Martin

Thug Martin dúshlán ar chomhghnásanna shéanra na hArdfhantaisíochta trí inspioráid a tharraingt ó eachtraí stairiúla ar nós Chogadh na Rósanna ó stair Shasana. Moladh an tsraith dá réadúlacht; cuirtear srian suntasach ar an méid draíochta a úsáidtear, agus cuirtear béim ollmhór ar an gcogaíocht agus ar an gcaimiléireacht pholaitíochta a chránn muintir na Seacht Ríocht. Tá an foréigean, an chollaíocht agus débhrí ó thaobh na moráltachta de go mór chun cinn ar fud na saothar, agus déantar breis is míle carachtar a ainmniú thar na sraithe. Maraítear príomhcharactair go mion minic ionas nach féidir le léitheoirí dul i muinín go bhfanfaidh na laochra slán sábhálta. Ligeann an struchtúr ildearctha dúinn carachtair a fhiosrú ó taobhanna éagsúla sa chaoi is gur féidir leis na bithiúnaigh mar dhea a dtuairimí agus a ndearcadh féin a thabhairt freisin. Cáineadh an tsraith mar gheall ar an léiriú ilghnéitheach a thugtar ar mhnáibh agus ar an gcreideamh.

Cé gur fhoilsíodh na leabhair i gcéaduair gan mórán poiblíochta a tharraingt orthu, tá úrscéalta na sraithe tar éis breis is 15 mhilliún cóip a dhíol ar fud an domhain agus rinneadh iad a aistriú go breis is 20 teanga ó shin. Shroich an ceathrú agus an cúigiú imleabhar an chéad áit ar liostaí Leabhar Sárdhíola de chuid The New York Times ar a n-eisiúint. Tá mórán saothair díoraithe scríofa in éineacht leis an bpríomhshraith, trí réamh-nóibhille, an tsraith rathúil teilifíse HBO "Game of Thrones", athchóiriú greannáin, agus roinnt cluichí cártaí, boird agus físe.

Cluiche na Corónach an t-ainm Gaeilge a cuireadh ar an gcéad leabhar sa tsraith, a d'aistrigh Oisín Ó Muirthile agus a d'fhoilsigh Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2016

Leabhair na Sraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo leabhair na sraithe in ord a n-eisithe:

# Teideal (Béarla) Teideal (Gaelaithe) Leathanaigh Líon na gCaibidlí Dáta Eisithe SAM Dáta Eisithe as Gaeilge
1 A Game of Thrones Cluiche na Corónach 704 73 Lúnasa 1996 13 Deireadh Fómhair 2016
2 A Clash of Kings Racán na Ríthe 768 70 Feabhra 1999 -
3 A Storm of Swords Coigeadal na gClaimhte 992 82 Samhain 2000 -
4 A Feast for Crows Coirm na gCaróg 753 46 Samhain 2005 -
5 A Dance with Dragons Damhsa na nDragan 1056 73 Iúil 2011 -
6 The Winds of Winter Gaotha an Gheimhridh Le scríobh Le scríobh Le heisiú -
7 A Dream of Spring Taibhreamh an Earraigh Le scríobh Le scríobh Le heisiú -

Séanra na Sraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann George R. R. Martin gurb iad na tionchair is mó a bhí ar scríbhneoireacht an údair iad na nithe a bhraithear i gcéim na hóige. I ndiaidh dó H. P. Lovecraft, Robert E. Howard, J. R. R. Tolkien, Robert A. Heinlein, Eric Frank Russell, Andre Norton, Isaac Asimov, Fritz Leiber, agus Mervyn Peake a léamh ina óige, ní dhearna Martin litríocht na n-údar seo ar fad a scarúint ina aigne ina seánraí éagsúla - .i. ficsean eolaíochta, fantaisíocht nó uafás - agus dá bharr is maith leis meascán seánraí a bheith ina chuid saothar. Deir Martin gur cuí Fonn Oighir agus Tine a rangú in aicme na fantaisíochta eipiciúla agus agus d'ainmnigh sé Tolkien agus Tad Williams go háirithe mar údair a raibh tionchar suntasach acu ar scríbhneoireacht na sraithe. Is é Jack Vance an t-údar comhaimseartha is fearr leis, áfach ní dóigh leis go bhfuil stíl Vance le haithint sa tsraith.

Go fiú roimh scríbhneoireacht Tolkien, d'úsáidtí suíomh a bunaíodh ar an Meánaois mar chúlra leis an bhfantaisíocht eipiciúil go traidisiúnta. Mar sin féin, sular thosaigh sé ar shraith Fonn Oighir agus Tine, bhraith Martin go raibh an chuid is mó de scríbhneoirí an tseánra ina n-aithriseoirí ar shaothair Tolkien agus gur scríobhadar faoi "Mheánaois Chríoch Disney"- is é sin fantaisíocht nach ndéanann tagairt don fhíor-bhrúidiúlacht a bhí i réim san aimsir sin. Ba chosúil do Mhartin go raibh an fhantaisíocht stairiúil níos greanaí agus níos réadúla, agus bhí sé tógtha le féidearthachtaí drámatúla na gcodarsnachtaí meánaoiseacha, amhail an líne chaol idir an niachas agus an fuilchíocras ar bhlár an chatha. Mar sin féin, nuair a bhíonn an toradh stairiúil ar eolas ag an léitheoir, is mó an teannas a bhraitear agus carachtair á leanúint thar na leathanaigh. Mar sin, theastaigh ó Martin réadúlacht na fantaisíochta stairiúla agus mealltacht dhraíocht na sár-fhantaisíochta a fhí le chéile. Is minic a deirtear go leathnaíonn saothair Martain seánra na fantaisíochta agus an fhicsin dá bharr.

Iartharas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suaitheantais mhórtheaghlaigh na Seacht Ríocht

Tarlaíonn mórchuid na n-eachtraí in Fonn Oighir agus Tine in Iartharas, illchríoch ar cóimhéid le Meiriceá Theas. Tá an mór-roinn scartha ina dhá chuid - an Tuaisceart agus an Deisceart. I bhfad ó thuaidh atá lonnaithe an Múr (The Wall) - balla ollmhór oighir atá ina shiombail de chríoch an domhain shibhialta aithnide. Bhí Balla Haidrian in Albain ina fhoinse inspioráide do Martin i gcumadh an Mhúir. Na daoine ó dheas ón Múr, tugaid Tír an tSíorgheimhridh (The Land of Always Winter) ar na críocha lastuaidh den teorainn oighir, agus iad ina bhfásach reoite i gcaitheamh na bliana go léir mar gheall ar fhuacht na haeráide ann. Tá cónaí ar dhaoine fiata gan rí lastuaidh ón Múr, a ghaireann An Lucht Saor (The Free Folk) díobh féin ach a dtugtar "fianlaigh" (wildlings) orthu ó dheas. Spreag an chodarsnacht idir Ceiltigh agus Cruithnigh na hAlban agus na Rómhánaigh sibhialta an síornaimhdeas agus an éagsúlacht nósanna idir na fianlaigh agus muintir na Seacht Ríocht. Faightear mamait, mathúna agus scáthchait sna ceantracha fuara seo, leis. Chomh maith leis na fianlaigh, luaitear i bhfinscéalta an Deiscirt go bhfuil cónaí ar aos ársa eile sna dúichí oighreata - an tAos Alltair (The Others), a dtugtar na hAlltaraigh agus na Siúlóirí Bána (White Walkers) orthu freisin. Deirtear go raibh ann dóibh na cianta ó shin, ach go ndeachaidís ina gcoladh fadó. In Fonn Oighir agus Tine, glacann an tAos Alltair ról lárnach i bpríomhphlota na sraithe.

Tá an chuid eile d'Iartharas laisteas den Mhúr faoi riail rí uilechumhachtach amháin a shuíonn ar an Ríchathaoir Iarainn (The Iron Throne) in ardchathair darb ainm Port an Rí (King's Landing). Tugtar na Seacht Ríocht (The Seven Kingdoms) ar na dúiche seo go léir, d'ainneoin go bhfuil naoi ríocht sa fhlaitheas féin. Is iad seo thíos ainmneacha na ríochtaí, na príomhchaisleáin iontu agus na mórtheaghlaigh a rialaíonn na ríochtaí éagsúla:

Ainm na Ríochta Ainm Béarla Príomhdhún Ainm Béarla Príomhtheaghlach Ainm Béarla
An Tuaisceart The North Geimhsceird Winterfell Muintir Stairc House Stark
Oileáin an Iarainn The Iron Islands Píc Pyke Muintir Liathlúith House Greyjoy
Dúiche na nAibhneacha The Riverlands Reathabha Riverrun Muintir Thaithligh House Tully
An Gleann The Vale Nead an Iolair The Eyrie Muintir Airín House Arryn
An tIarthar The Westerlands Carraig Chaistéil Casterly Rock Muintir Lanastair House Lannister
Tailte na Corónach The Crownlands Port an Rí King's Landing Muintir Lanastrach Bharratháin House Baratheon-Lannister
Na Stoirmchríocha The Stormlands Dún Lagair Storm's End Muintir Bharratháin House Baratheon
An Fearann Mór The Reach Ardgharraí Highgarden Muintir Tirial House Tyrell
Dátharn Dorne Rinn na Gréine Sunspear Muintir Mhoirtéil House Martell
  • Nóta: Is é Port an Rí príomhchathair na Seacht Ríocht agus braitheann an rítheaghlach atá i réim orthu ar an rí agus ar an mbanríon agus ar na teaghlaigh óna síolraítear iad. I dtosach an scéil, tá Roibeard Ó Barratháin ina rí ar na Seacht Ríocht, agus is í Soirse Lanastair a ríon chéile.

An Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar cheantar, is réigiún fuar creagach í ríocht an Tuaiscirt. Tá sé scartha ón gcuid eile den Seacht Ríocht ag an gCuing (The Neck) - stráice chúng talún a cheanglaíonn é leis an Deisceart, mar a bhfuil suite caisleán mhuintir Fhraoich (House Frey), an Cúpla (The Twins). Le teacht an Gheimhridh, déantar formhór an tuaiscirt a chlúdach faoi oighear is faoi shneachta, amhail Críoch Lochlann an domhain s'againne. Caitheann muintir an Tuaiscirt fionnadh trom umpu chun an fuacht a dhíbirt, go fiú i rith an tsamhraidh.

Is iad na Staircigh (House Stark) a rialaíonn ríocht an Tuaiscirt i dtosach Fonn Oighir agus Tine. Is sa daingean ársa Geimhsceird (Winterfell) atá cónaí orthu, agus í sin i gcroí na ríochta. Mar shuaitheantas acu atá criún (direwolf) ag rith ar mhachaire bán. "(Seo) Chugainn an Geimhreadh" (Winter is Coming) is ea a mana muintire, agus is minic a dhéanann na Staircigh tagairt dó i rith an scéil. Is cosúil ó thús na sraithe gurb iadsan laochra maithe na sraithe, agus ag an tosach is óna ndearcadh is mó a léitear an tsraith.

Teach Targaryen
Armas Garlan Tyrell

Bhí Muintir Stairc ina dtiarnaí ar an tuaisceart ó Gheimhsceird leis na cianta. Is i lusca thíos faoin daingean a chuirtear a dtiarnaí agus a gclanna go léir, agus snoitear a ndealramh i ndealbha cloiche os cionn a dtuamaí ionas go mbeidh na glúinte ina ndiaidh in ann cuimhneamh siar orthu le hurraim. Is é Eideard Stairc (Eddard Stark) Bardach an Tuaiscirt agus é ina cheann ar na Staircigh ag tús Fonn Oighir agus Tine, agus bíonn ról lárnach aigesean agus ag a chlann i bpríomhphlota na n-úrscéalta. Is uasal agus maorga na Staircigh, agus adhrann siad na seandéithe - déithe gan riocht gan ainm - trí bheith ag cuí os comhair diabhile (weirwood). Is cineál mór crainn é seo, a bhfuil coirt bhán agus duilleoga flanndearga air, inar snoíodh dealramh aghaidhe fadó. I gcaisleáin an Tuaiscirt, faightear diabhilí i ndiachoillte (godswoods) agus is beannaithe na háiteanna iad. Sa deisceart, scriosadh formhór na ndiabhilí agus ní adhartar na seandéithe ach na déithe nua, an Seachtar (The Seven).

Is é "an tSneachta" (Snow) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear sa Tuaisceart, msh. Seán an tSneachta (Jon Snow).

Bhí muintir Eabhrac ó Chogadh na Rósanna ina n-inspioráid do mhuintir Stairc.

Oileáin an Iarainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas Seaworth

Is oileánra siar ó chósta thiar Iartharais iad Oileáin an Iarainn, mar a rialaíonn na Liathlúthaigh (House Greyjoy) ón gcaiseal Píc (Pyke). Is éagsúil cultúr na n-iarnfhear (the ironborn), mar a dtugtaid orthu féin, le cultúr na mór-roinne, agus ní theagmhaíonn siad a chéile go minic ach amháin nuair a dhéanann muintir na n-oileán creachadóireacht ar limistéir an chósta. Tá an loingseoireacht go smior iontu, agus mórann siad an fharraige trí adhradh dia darb ainm an Dia Báite (The Drowned God). Mar bhaisteadh sa chreideamh seo, déantar duine a bhá ansin beocht a chur ann arís, agus is é a nós seo an bunús le sluán dá gcuid, "An ní atá marbh, ní fhéadfaidh bás a fháil choíche, ach éireoidh arís agus é níos crua is níos tréine" (What is dead may never die, but rises again, harder and stronger). Is soiléir go raibh tionchar mór ag cultúr na Lochlannach ar chultúr Oileáin an Iarainn.

Armas Karstark

Tá cráca órga ar mhachaire dubh ina shuaitheantas ag muintir Liathlúith, agus is é "Ní Chuirimid Síol" (We do not Sow) a mana teaghlaigh. Ag tosach na sraithe, is é Ballún Liathlúith (Balon Greyjoy) Tiarna Bainteora Phíc (Lord Reaper of Pyke), agus níl fágtha de chlann aige ach beirt; a iníon Aoise (Asha) agus a mhac Diagán (Theon), agus an mac ina choimircí ag na Staircigh i nGeimhsceird mar chúiteamh ar iarrachtaí Bhallúin muirthéacht in éadan na corónach a bhuachan na blianta roimh eachtraí an chéad leabhair.

Is é "Píc" (Pyke) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear ar Oileáin an Iarainn, msh. Oitir Píc (Cotter Pyke).

Dúiche na nAibhneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach Frey

Cé nach bhfuil Dúichí na nAibhneacha ar cheann de na seacht ríocht sa fhlaitheas faoin rí ar an Ríchathaoir Iarainn, tá cuid mhór de lár na hilchríche inti, agus tá teorainn aici le ríocht an Tuaiscirt, le Gleann Airín, le ríocht an Iarthair, leis an bhFearann Mór agus le Tailte na Corónach. Is amhlaidh a bhaistear ar an gceantar mar gheall ar an bhflúirse aibhneacha a shreabhann tríd, go háirithe an sruth mór tríchraobhach darb ainm an Trírinn (The Trident), agus is minic nach dtugtar Tiarnaí na nAibhneacha (The Riverlords) ar na clanna uaisle ann ach Tiarnaí na Trírinne (The Lords of the Trident), dá bharr. Tá formhór na talún sa cheantar torthúil mar gheall ar an mórán uisce, agus úsáidtear na haibhneacha mar mhodhanna cosanta agus taistil freisin.

Teach Roxton
Teach Webber

Tá dáileadh na cumhachta sa dúiche seo ina thoradh ar shuíomh chraobhacha na Trírinne - sreabhann an Gabhal Dearg (The Red Fork) soir ón iarthar, agus san áit a bhuaileann sé leis an Scuabainn (The Tumblestone) mhear atá suite príomhdhaingean na dúiche, Reathabha (Riverrun); sreabhann an Gabhal Gorm (The Blue Fork) agus an Gabhal Glas (The Green Fork) aduaidh, agus ní féidir gabháil tharastu ach ag pointe amháin, mar ar thóg muintir Fhraoich (House Frey) droichead trasnaithe agus a ndaingean thart air ar dhá bhruach an tsrutha. An Cúpla (The Twins) a thugtar ar an gcaisleán seo dá bharr, agus tugadh an teideal Tiarna an Trasnaithe (The Lord of the Crossing) do cheann fine na bhFraochach ó shin. Is é Ualdar 'Anuaireach' Ó Fraoich ('The Late' Walder Frey) Tiarna an Trasnaithe ag tosach na sraithe.

Is i Reathabhainn atá cónaí ar an muintir cheannasach, na Taithligh (House Tully). Iasc ar dhath an airgid ag léimneach ar mhachaire de chuilithíní gorma is dearga atá i suaitheantas Uí Thaithligh, agus is é "Teaghlach, Dualgas, Onóir" (Family, Duty, Honor) a mana. Is iníon de chuid an Tiarna Oistir Ó Taithligh (Hoster Tully) í an príomhcharachtar Caitlín Bean Stairc (Catelyn Stark).

Is é "na nAibhneacha" (Rivers) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear i nDúiche na nAibhneacha, msh. Aemán na nAibhneacha (Aemon Rivers).

Síltear go bhfuairtheas an t-ainm Béarla Riverrun ón gcéad fhocal i saothar an tSeoigigh "Faire Uí Fhionnagáin".

Gleann Airín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ríocht in oirthear Iartharais é an Gleann (The Vale), nó mar is fearr aithne Gleann Airín (The Vale of Arryn). Tá cuid mhaith den ríocht faoi chlúd sliabhraon díbhealaigh darb ainm Sléibhte na Gealaí (The Mountains of the Moon), agus cónaí ar mhórán treibheanna fiáine ann a mhaireann lasmuigh de reacht Bhardach an Oirthir (The Warden of the East) agus Rí na Seacht Ríocht. Níl ach conair shlán amháin trí na sléibhte darb ainm Bóthar na Sléibhe (The Mountain Road), a ghabhann trí tháibhle chosanta ar a dtugtar Geata na Fola (The Bloody Gate) mar gheall ar an méad fola a chuir ionsaitheoirí agus iad ag iarraidh príomhdhún na ríochta, Nead an Iolair (The Eyrie) a ghabháil gan rath.

Teach Mormont

Deirtear go bhfuil Nead an Iolair doghafa toisc an caisleán a bheith suite ar bharr sliabh darb ainm Sleá an Fhathaigh (The Giant's Lance), agus gan de bhealach suas chuici ach bealach caol céimeach a ghabhann thar trí thúr cosanta - Túr na Cloiche (Stone), Túr an tSneachta (Snow) agus Túr na Spéire (Sky) - a dhreaptar ar muin asail. Is uaigneach an caisleán í Nead an Iolair, go hard os cionn an ghleanna rafair. Is díol suime na Cillíní Spéire (Skycells) ann - cillíní a thugann amach ar an spéir féin - agus Doras na Gealaí, doras a mbrúitear naimhde na nAiríneach amach tríd nuair a dhaortar chun báis iad. Is iad Muintir Airín (House Arryn) atá i gceannas ar an nGleann, agus bhí Eoin Ó hAirín (Jon Arryn) ina Lámh do Roibeard Rí. Is é suaitheantas an teaghlaigh iad an seabhac agus gealach bhán ar mhachaire spéirghorm, agus is é "Chomh hArd leis an Onóir" (As High as Honor) a mana.

Is é "na Cloiche" (Stone) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear i nGleann Airín, msh. Miach na Cloiche (Mya Stone).

Armas Stannás

An tIarthar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar ndóigh, tá ríocht an Iarthair (The Westerlands) suite in iarthar Iartharais, agus í lán de chnoic is de mhianaigh óir. Is ón ríocht seo a shíolraíonn muintir Lanastair (House Lannister), a bhfuil ról lárnach acu in eachtraí Fonn Oighir agus Tine.

Armas Séafra
Muintir Stairc

Is í Carraig Chaistéil (Casterly Rock) a ndúnfort, atá suite ar chósta Fharraige an Fhuinidh (The Sunset Sea). I dtosach na sraithe, is é an Tiarna Taidhbhín Lanastair (Tywin Lannister) Bardach an Iarthair (The Warden of the West), agus triúr clainne air, iad ar fad ina bpríomhcharachtair: an Bhanríon Soirse (Cersei), bean Roibeard Rí agus máthair an rídhamhna Séafra Lanastrach Ó Barratháin (Joffrey of Houses Baratheon and Lannister), an bhanphrionsa Mairsile (Myrcella) agus an phrionsa Tomán (Tommen); Sior Séimí Lanastair (Ser Jaime Lannister), Tiarna Ceannasaí Gharda an Rí (Lord Commander of the Kingsguard) agus leathchúpla Shoirse; agus an tAbhac Tirian Lanastair (Tyrion Lannister). Tá órfholt ar na Lanastraigh uile, agus súile glé uaine iontu. Is leon órga ar mhachaire cródhearg a suaitheantas, mar sin is minic a thugtar "Na Leoin" (The Lions) orthu mar leasainm, sa chaoi chéanna a dtugtar "Na Faoil" (The Wolves) ar na Staircigh agus ar a lucht leanúna. Is é "Éistear le mo Bhúir!" (Hear Me Roar!) a mana oifigiúil, ach is mó an cháil atá ar mhana eile dá gcuid, "Íocann Lanastrach a chuid fiach i gcónaí" (A Lannister always pays his debts), a thugann le fios díograis na muintire chun díoghla nuair a fhealltar orthu.

Is é "na gCnoc" (Hill) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear san Iarthar, msh. Seoighe na gCnoc (Joy Hill).

Bhí Giobráltar ina fhoinse inspioráide do Charraig Chaistéil, agus ar bhealach scaoilte, seasann na Lanastraigh do mhuintir Lancaster i gCogadh na Rósanna i Sasana.

Tailte na Corónach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Tailte na Corónach ar an gceantar thart ar phríomhchathair na Seacht Ríocht, Port an Rí (King's Landing). Is anseo a thuirling Aegán Concaire (Aegon the Conqueror) in Iartharas den chéad uair ó dhaingean oileánach ársa na dTairgéirianach mar a raibh cónaí orthu roimh a gconcas, Cloch na nDragan (Dragonstone). Is é Port an Rí an chathair is mó i dtaobh daonra de i bhFlaitheas an Rí, agus é suite ar bhruach Bhá an Dubhuisce (Blackwater Bay). Tógadh an chathair thart ar trí chnoc, agus tá trí mhórchoimpléasc suite orthu anois - Airéine na nDragan (The Dragonpit) ar bharr Chnoc Raenas (Hill of Rhaenys), mar ar coimeádadh dragain na dTairgéirianach tráth den saol sular díobhadh iad; Ardseiptéal Bhaelóir (The Great Sept of Baelor) ar mhullach Chnoc Viosaeinia (Hill of Visenya) atá ina chroí de chreideamh na ndéithe nua, an Seachtar (The Seven); agus Ardchnoc Aegáin (Aegon's High Hill), mar a bhfuil an Daingean Rua (The Red Keep), agus istigh ann, an Ríchathaoir Iarainn (The Iron Throne) arb í suíochán cumhachta Rí na Seacht Ríocht í.

I dtosach na sraithe, is í muintir Bharratháin (House Baratheon) an rítheaghlach, faoi réim Roibeard a hAon Uí Bharratháin (Robert Baratheon the First of His Name), ó gabhadh í i muirthéacht ó mhuintir Tairgéirian. Bronnadh Cloch na nDragan ar dheartháir amháin de chuid Roibeard, Stáineas Ó Barratháin (Stannis Baratheon). Tarlaíonn formhór na cealgaireachta i gcathair Phort an Rí, agus bíonn tionchar aici ar imeachtaí uile an domhain.

Is é "an Uisce" (Waters) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear i dTailte na Corónach, msh. Órán an Uisce (Aurane Waters).

Tá sé ráite ag George R. R. Martin go bhfuil Port an Rí níos mó ná LondainPáras sa Mheánaois, ach go bhfuil sé níos lú ná Cathair Chonstaintín san aimsir chéanna, ná Cathair na Róimhe anallód.

Na Stoirmchríocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na Stoirmchríocha ar cheann de na réigiúin sna Seacht Ríocht ar ilchríoch Iartharas. Bhí Ríocht na Stoirme (The Kingdom of the Storm) ina náisiún neamhspleách go dtí Cogadh an Choncais (The War of Conquest), inar maraíodh an Rí Stoirme (Storm King) deiridh. Is amhlaidh an t-ainm atá ar an gceantar mar gheall ar na stoirmeacha uafásacha millteanacha a thagann isteach ó Mhuir an tSamhraidh (The Summer Sea) agus a bhuaileann an cósta aimsir an fhómhair.

Tá Muintir Bharratháin (House Baratheon) i gceannas ar na Stoirmchríocha i dtosach na sraithe, agus a suíochán acu sa chaisleán darb ainm Dún Lagair (Storm's End). Is carria dubh ar mhachaire órga a suaitheantas, agus "Linne an Fraoch" (Ours is the Fury) a mana.

Is é "na Stoirme" (Storm) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear sna Stoirmchríocha, msh. Eidric na Stoirme (Edric Storm)

An Fearann Mór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Fearann Mór (The Reach) an dara ríocht is mó sna Seacht Ríocht, i ndiaidh an Tuaiscirt. Ba ríocht neamhspleách faoi cheannas Chlann Mhic an Gharraíodóra (House Gardener) í roimh Chogadh an Choncais, ach nuair a chloíogh na hionsaitheoirí Tairgéirianacha an teaghlach sin, bronnadh a riail ar mhuintir Tirial (House Tyrell) agus thit an ceantar faoi réim na corónach. Is í an ríocht is torthúla agus tá sí faoi thiús daoine dá bharr. D'fhonn cairdine a chothú leis an rítheaghlach, soláthraíonn an Fearann Mór mórán bídh do Thailte na Corónach in aimsir ghorta nó galair. Glactar leis gurb é an Fearann Mór croílár an niachais, mar a bhfuil an-mheas ar ridirí agus ar a móideanna, agus mar gheall air seo, eagraítear mórán mórchomhrac ar mhaithe le siamsa.

Na Tirialaigh a rialaíonn an ríocht seo óna ndaingean Ardgharraí (Highgarden). Rós órga ar mhachaire uaine a suaitheantas teaghlaigh, agus "Ag Fás go Tréan" a mana. Matha Tirial (Mace Tyrell) an ceann fine i dtosach na sraithe, agus ceathrar clainne air; Uilleas Tirial (Willas Tyrell); Garthalán "Galánta" Tirial (Garlan the Galant Tyrell); Labhrás Tirial, Ridire na mBláthanna (Loras Tyrell, The Knight of Flowers); agus a aoniníon, Maighréad Tirial (Margaery Tyrell).

Is é "na bhFlós" (Flowers) an sloinne a thugtar ar thuilithe uaisle a bheirtear san Fhearann Mór, msh. Geafar na bhFlós (Jafer Flowers).

Dátharn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leithinis mhór i ndeisceart Iartharais í an ríocht darb ainm Dátharn (Dorne). Bhí droichead talún á ceangal le hOirthearas fadó, ach deirtear sna seanscéalta gur bhris Clann na Coille é le draíocht chumhachtach chun na hionraitheoirí Andalacha (Andals) a dhíbirt, agus is dá bharr a thugtar an Lámh Bhriste (The Broken Hand) air anois. Is é Dátharn an réigiún is teo in Iartharas, agus tá sí creagach, sléibhtiúil agus fásúil. Scarann na Sléibhte Dearga (The Red Mountains) é ó na Stoirmchríocha, agus is iontu atá Túr an Áthais (The Tower of Joy), mar a bhfuair Liadhain Stark (Lyanna Stark), deirfiúr Neid, bás ag deireadh Mhuirthéachta Roibeard.

Tá cultúr Dháthairn an-éagsúil le cultúr na gceantracha eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]