Úsáideoir:Cathal Óg/Cumann na nGaedhael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is páirtí polaitiúil é Cumann na nGaedhael a bhí ann ó 1923 go dtí 1933. D'fhabhraigh an páirtí ón gcuid de Sinn Féin a ghlac leis an gConradh Angla-Éireannach, faoi Micheál Ó Coileáin. Bhí sé i gcumhacht ó 1923 go dtí 1932, ar dtús mar rialtas sealadach agus ansin mar rialtas tofa, go dtí gur chaill siad todhchán 1932 d'Fianna Fáil. Chomhcheangail siad leis an Lár-Pháirtí Náisiúnta agus le Lucht na Léinte Gorma chun Fine Gael a bhunú i Meán Fómhair 1933.

Roimh an Conradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Art Ó Gríofa eagraíocht darbh ainm Cumann na nGaedhael sa bhliain 1900 chun feachtas a eagrú i gcoinne cuairt Rí Éadbháird VII agus Banríon Alexandra ar Éirinn. Sa bhliain 1905, chomhcheangail an eagraíocht le heagraíochtaí éagsúla eile chun Sinn Féin a bhúnú.

An Páirtí Tar Éis An Conradh Angla-Éireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liam T. Mac Cosgair, Ceannasaí

Tháinig an dara leagan de Chumann na nGaedhael ar an bhfód tar éis na scoilte a chuaigh ar Shinn Féin de thoradh an Chonartha Angla-Éireannaigh sa bhliain 1921. Ghlac tromlach leis an gConradh i nDáil Éireann, agus d'fhág an mionlach an Dáil, faoi cheannas Éamon De Valera. Bhí rialtas sealadach i mbun chúrsaí na tíre ó 1921 go 1923, agus ansin bhunaigh na teachtaí a thacaigh leis an gConradh Cumann na nGaedhael mar pháirtí. Páirtí ar an eite dheis ba ea é don chuid is mó. I measc na gceannairí a thacaigh leis an gConradh bhí Art Ó Gríofa agus Micheál Ó Coileáin, ach tar éis deireadh an Chogaidh Chathartha, bhí an beirt acu ar shlí an fhírinne. Fágadh Liam T. Mac Cosgair mar cheannasaí ar an bpáirtí agus mar an gcéad Úachtarán ar Choiste Feidhmeannach Saorstát Éireann.

Athfhoirgniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dóibh cumhacht a ghlacadh, thosaigh an pháirtí ag leagadh bonneagar don Stáit. Chuir siad an dlí i bhfeidhm arís le roinnt gníomhaithe sábháilte phobail. Cuireadh Óglaigh na hÉireann faoi chois, agus tháinig eagair ar an tír arís tar eís an Chogaidh Chathartha. D'oíbrigh Caoimhín Ó hUiginn go dian mar Aire Gnothái Baile chun an bhagairt a mhair ó na hÓglaigh nach ghlac leis an gConradh a scriosadh. Bhunaigh sé An Garda Síochána (in áit Chonstablacht Ríoga na hÉireann) chun an dlí a feidhmiú. Fórsa póilíneachta gan airm a bhí ann, gné a chuidigh leo muinín an phobal a aimsiú. Mar Aire Gnothaí Eachtracha, d'eírigh le Ó hUiginn méid níos mó d'uathriail ó Sasana agus ón gComhlathas a shocrú.

Comhdlúthú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar cheannasaí, thug Mac Cosgair socracht agus iontaofacht don tír, agus d'eirigh leis aontas an Stáit a chosaint, cé go raibh an phobal dealaithe go nimhneach tar eís an Chogaidh Chathartha.

Sa bhliain 1927, d'eagraigh an Rialtas scéim na Sionainne, scéim hídrileictreachas a bhain leas as cumhacht na habhainn chun aibhléis a chruthú agus fostaíocht a sholáthrú. Thárlaigh an scéim seo ag an t-am céanna le scéimeanna ar an gcuma chéanna sa hEoraip (mar shampla, draeineáil na riasc Phointíneach san Iodáil), ach cé gur thug sé fostaíocht don phobal in am an Meath Mór, chuir sé an iomarca brú ar an ngeilleagar tar éis costaisí an Cogadh Cathartha. Bhí ar an Rialtas beartaisí a thabhairt isteach nach raibh dúil na daoine iontu. Tháinig íslú scilling ar an bpinsean stáit agus bhí ar an bpáirtí polasaíthe coimeádach a leanúint. Thit seasamh an pháirtí in aigne an phobal de thoradh na beartaisí seo.

Meath an Páirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eirigh go dona le Cumann na nGaedhael san olltoghchán a bhí ann i mí an Mheithimh, 1927. Thit an méid súiocháin a bhí acu ó 63 (39% den iomlán) go 47 (27% den iomlán), ach d'eirigh leo fanacht i bhfeidhm ar chúrsaí na tíre toisc gur dhiúltaigh Fianna Fáil a suíocháin a líonadh de dheasca an mhionn dílseachta éigeantach don Rí Shasanaigh. Ghlac an páirtí le feallmharú Caoimhín Ó hUiginn mar bhuille feallta. Mharaigh Poblachtánaigh é agus é ar a shlí abhaile ón Aifreann go luath tar éis an todhchán. Mar fhreagra ar an ngníomh sin, chruthaigh an Rialtas gníomh sábháilte phobail a chuir tús le pionós an bháis sa Shaorstát. Thairis sin, chuir siad gníomh i bhfeidhm a thóg cearta ionadaíochta ó aon Teachta Dála nár ghlac leis an Mionn Dílseachta. Bhí air Sinn Féin a suíocháin a glacadh. Bhí freasúra ag an Rialtas don chéad uair.

Mheath an páirtí ón am sin ar aghaidh, le chuid mór dá gcuid tacaíocht ag dul go Fianna Fáil, an páirtí nua a bhunaigh Éamon De Valera tar eís scoilt eile i Sinn Féin. I súile an pobal, bhí Cumann na nGaedhael ró-tógtha leis an gConradh agus ro-gafa le cúram slándála phobal. Bhí sé mar polasaí airgeadais acu freisin tráchtáil saor a ligeant. Ag an t-am céanna, bhí Fianna Fáil ag moladh cosaint eacnamaíochta. Buile mór a bhí an Meath Mór do rialtas Cumann na nGaedhael freisin, agus bhuaigh Fianna Fáil orthu i dtoghchán 1932. Níor bhuaigh siad ach 57 suíocháin, i gcoinne 72 ag Fianna Fáil.

Cónascadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill an páirtí níos mó suiocháin san olltoghchán in Eanair 1933, agus tosáiodh plé leis an Lárpháirtí agus Lucht na Léinte Gorma faoi chónascadh. Timpeall Meán Fómhair 1933, tháinig páirtí nua as an gcónascadh seo. Fine Gael an t-ainm a bhí air, ach i ndáiríre ní raibh ann ach leagan nua méadaithe de Chumann na nGaedhael.