James Joyce
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| James Joyce | |
| Joyce timpeall 1918 | |
| Dáta breithe | 2 Feabhra, 1882 |
| Ráth Garbh, Baile Átha Cliath | |
| Dáta báis | 13 Eanáir, 1941 |
| Zürich, An Eilvéis | |
| Gairm | Úrscéalaí, file, múinteoir |
| Seánra | Nua-aoiseachas |
| Céile | Nora Barnacle (1931-1941)[1] |
Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (Séamas Seoige) (2 Feabhra 1882 – 13 Eanáir 1941). Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nua-theangacha na h-Eorpa, Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin. Tá easaontas i measc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangaí, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de. Ach is cinnte go raibh an-tionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.
Chaith sé cuid mhór dá shaol san Eoraip, an Eilvéis agus Trieste na hIodála san áireamh. B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Bhí iníon agus mac aige.
Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde Lá Bloom (Bloomsday) ar 16 Meitheamh in omós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.
Clár ábhair |
[athraigh] Saothair
I measc saothair James Joyce tá:
- Chamber Music (1907)
- Dubliners (1914)
- Exiles (1915)
- A Portrait of the Artist as a Young Man (1916)
- Ulysses (1922)
- Pomes Penyeach (1927)
- Finnegans Wake (1939)
[athraigh] Féach freisin ar
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Brenda Maddox, Nora. Biography of Nora Joyce, Hamish Hamilton 1988 ISBN 0-449-90410-5
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Sliochtaí de chuid James Joyce
- Saothair ar an Idirlíon a scríobh James Joyce
- Ceol sna saothair a rinne James Joyce
- James Joyce, saoránach Phula
- Eolas faoin saol a chaith James Joyce, tuairiscí ó lucht a chomhaimsire srl.