Nora Barnacle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vicipéid
Is féidir an t-alt seo a fheabhsú tríd é a fhorbairt.
D'fhéadfaí go bhfuil a thuilleadh faoi seo ar an leathanach plé.

Bean chéile agus bé an scríbhneora chlúitigh Éireannaigh James Joyce í Nora Barnacle. (Márta 1884 - Aibreán 1951) Iníon báicéara as Conamara na Gaillimhe a bhí inti, a chas ar Joyce don chéad uair i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meitheamh 1904. Bhunaigh Joyce a shárobair Ulysses ar an 16 Meitheamh 1904, an lá ar a chuir an bheirt tús le caidreamh rómánsach.