Ulysses (úrscéal)
Is úrscéal Béarla le James Joyce é Ulysses (Uiliséas teideal an aistriúcháin Ghaeilge). Áirítear i measc na n-úrscéalta is fearr a scríobhadh sa Bhéarla riamh é. Tá teideal an leabhair bunaithe ar an leagan breac-Laidine ar ainm an laoigh sin i nGréigis Odysseus (Odaiséas na Gaeilge). Tá teideal gach caibidil ionann le teideal gach caibidil san Odaisé, leabhar miotaseolaíochta na sean-Ghréige. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1922. Tá eachtraí uile an leabhair bunaithe ar lá amháin sa bhliain 1904 ( An 16 Meitheamh), agus le tamall de bhlianta anuas tugtar 'Bloomsday' ar an lá sin, i gcuimhne ar Leopold Bloom, príomhcharachtar an leabhair is déantar imeachtaí an leabhair agus an t-údar féin a cheiliuradh i mBaile Átha Cliath agus cathracha eile.
Aistriúcháin[athraigh]
Uiliséas is teideal don aistriúchán Gaeilge. Séamas Ó hInnéirghe, Breasal Uilsean agus Séamas Ó Mongáin a d'aistrigh ón mBéarla é. D'fhoilsigh Foillseacháin Inis Gleoire imleabhair de chaibidlí eagsúla idir na blianta 1987 agus 1992.[1]
Tagairtí[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |