J. M. W. Turner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
J. M. W. Turner - Féinphortráid (1798)

Ba ealaíontóir Rómánsúil Sasanach é Joseph Mallord William Turner. Rugadh é i Maiden Lane, Convent Garden i Londain ar an 23 Aibreán 1775. William Gay Turner ab ainm dá athair agus Mary Marshal ab ainm dá máthair.

Tháinig tinneas intinn ar a máthair agus é óg, b’fhéidir de bharr bás a dheirfiúr óg, agus iníon a máthair, Helen Turner. Fuair sí bás i Bedlam, an teach do dhaoine le intinn tinn.

De bharr an struss a chuireadh ar an teaghlach leis na fadhbanna seo, chuireadh Turner go dtí teach a uncail ar thaobh a máthair i Brentford, baile siar ó Londain ar bruach Abhainn an Thames. Is anseo a fuair sé a suim sa péintéireacht. An bhliain dar gcionn chuaigh sé ar scoil i Margate ar cósta Kent.

D’Iontráil sé i scoil Acadamh Ríoga n hEallaíona i 1789 agus é ceithre bliana déag d’aois, agus ghlacadh é isteach san Acadamh an bliain dar gcionn. Ar dtús bhí an suim aige san ailtireacht, ach chuir an ailtire Thomas óg Hardwick ina luí air leanúint leis an péintéireacht. An bliain dar gcionn taispeánadh an céad uiscedhath ag Turner, ag an Taispeántas Samhraidh. I 1796 taispeánadh an céad pictiúr le péint ola ag Turner, Iascairí ar an bhFarraige.

"The Fighting Téméraire tugged to her last Berth to be broken up" 1838

In aineon na pictiúir ola iontacha ag Turner, tá an méid is mó clú air ar de bharr an pictiúir uiscedhatha tírdhreach aige. Glaotar "ealaíontóir an tsolais" air. Ceann de na pictiúir is cáiliúla aige is é an ceann faoi báid an Temeraire á thógaint chun a bheith briste suas. Tá sí le feiceáil i Dánlann Náisiúnta Shasana i gCathair Londain.

Thaisteal Turner ar fud na hEorpa ag tosú leis an Fhrainc agus an Eilvéis in 1802, agus ag staidéar sa Louvre i bPáras sa bhliain céanna. Thug sé roinnt mhaith cuairt ar Cathair na Veinéise freisin.

Fuair sé roinnt mhaith tacaíocht i gcomhair a chuid oibre ó Walter Ramsden Fawkes, ó Farnley Hall in aice le Otley i Yorkshire, a bhí mar cara maith ag an ealaíontóir. Thug Turner a céad turas go Otley i 1797 agus é aois a fiche dó. Chuaigh ailíocht an ceantar go mór i bhfeidhm ar, agus thug sé a lán cuairteanna eile ar an áit. Fuair sé ionsparáid i gcomhair an pictiúr, Hannabal ag Trasnú na hAlpa, ó stoirm a chonaic sé agus é ag fanacht ag Farnley Hall.

Bhí Turner mar cúirteoir minic ag George O’Brien Wyndham, an Triú Iarla de Egremont, ag Teach Petworth i West Sussex, agus phéinteáil sé pictiúir don talamh mórthimpeall an tí agus Sussex ar fad.

Nuair a chuaigh Turner in aois, d’éirigh sé saghas aisteach. Ní raibh mórán cairde congarach aige, seachas a athair a bhí ina cónaí leis le tríocha bliain. Bhí tionchar ollmhór ag bás athair air, in 1822, agus ó shin i leith bhí babhtaí dona gruaim aige. Níor phós sé roimh ach bhí beirt iníon aige le Sarah Danby, iníon amháin in 1801, agus iníon eile in 1811.

Fuair sé bás i dteach a bhean luí ar an naoú lá déag de Nollag 1851.

[athraigh] Foinse

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile