Luzern

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair Luzern agus an Vierwaldstättersee

Is í Luzern (Gearmáinis: Luzern, Fraincís: Lucerne, Iodáilis: Lucerna, Rómainis: Lucerna) an seachtú cathair is mó san Eilvéis.

Tá an chathair suite cois abhainn Reuss in aice le Vierwaldstättersee (Loch na gCeithre Chantúin) i lár na tíre. Tá breis is 77,000 duine ina gcónaí sa chathair fhéin, ach tá tuairim is 200,000 duine ina gcónaí ann, má chuirtear na fobhailte san áireamh.

Lár na seanchathrach cois abhainn Reuss

Is í Luzern príomhchathair chantúin Luzern agus chomh maith le sin is í an áit chultúrtha is tábhachtaí i gceartlár na hEilvéise. Mar sin, bíonn go leor féilte ceoil agus cultúr ann gach bliain, m.sh. Luzerner Fasnacht, Lucerne Blues Festival, Lucerne Festival (ceol claiseacach), nó comórtas Eorpach Rose d’Or (clár teilefíse).

Tagairtí[athraigh | edit source]

Luzern - Radharc na cathrach leis an droichead Kapellbrücke agus an túr uisce.
Luzern - Radharc na cathrach leis an droichead Kapellbrücke agus an túr uisce.