Curzio Malaparte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kurt Erich Suckert
(Curzio Malaparte)
Dáta breithe 10 Feabhra, 1898
  Prato, An Tuscáin
Dáta báis 19 Iúil,1957
  An Róimh
Ainm cleite Curzio Malaparte
Gairm Scríbhneoir agus iriseoir

Scríbhneoir agus iriseoir Iodálach de phór leath-Ghearmánach a bhí i gCurzio Malaparte (fiorainm: Kurt Erich Suckert), a tháinig chun saoil i bPrato (An Tuscáin) ar an 9 Meitheamh 1898 agus a fuair bás sa Róimh ar an 19 Iúil 1957. Ghlac sé an t-ainm cleite air sa bhliain 1925. Leagan Iodáilise de Kurt é Curzio, agus is imeartas focal é Malaparte ("an Droch-Chuid") a thagraíonn do shloinne Napoleon, Bonaparte ("an Dea-Chuid").

A Shaol[athraigh | edit source]

Ba iad tuismitheoirí Mhalaparte an t-innealtóir fíodóireachta Erwin Suckert as Zittau agus a bhean Iodálach Edda Perelli as Milano. D'fhreastail Kurt óg ar Mheánscoil Cigognini i bPrato, agus sa bhliain 1911 chuaigh sé i bPáirtí Poblachtach na hIodáile, páirtí liobrálach a bunaíodh i ndeireadh na naoú haoise déag. Chuaigh an chéad dán leis i gcló sa bhliain 1912, agus sa bhliain ina dhiaidh sin thosaigh sé ag foilsiú iris aorach. Ní raibh sé ach sé bliana déag nuair a chuaigh sé in Arm na hIodáile, agus faoi dheireadh an chogaidh bronnadh bonn Iodálach agus cros onórach Fhrancach air mar aitheantas do chomh cróga is a bhí sé i bpáirc an áir. Bhí a deachú féin ag dul leis an gcrógacht sin, nó ní bhfuair sé biseach ceart riamh ón dochar a rinne ionsaí gáis dá scamhóga.

I ndiaidh an chogaidh chuaigh sé ag obair do Roinn Gnóthaí Eachtracha na hIodáile. Rinneadh taidhleoir de, agus fuair sé post an attaché in ambasáid na hIodáile i Vársá, an Pholainn. Ar dtús, bhí sé báúil leis an bhFaisisteachas, nó bhain sé amach ballraíocht an Pháirtí Fhaisistigh sa bhliain 1921, agus an lá dár gcionn ghlac sé páirt i Máirseáil Mussolini go dtí an Róimh. Sa bhliain 1926, bhunaigh seisean agus intleachtóirí Faisisteacha eile an iris úd Novecento, a bhí dírithe ar an gcúigeachas agus ar an bparóisteachas a bhaint de chultúr na hIodáile. Bhí lucht na hirise ag iarraidh litríocht nua a chumadh don Iodáil a chaitheadh súil shoirbhíoch ar an todhchaí, agus ghlac siad leis an bhféidearthacht go mbeadh an Faisisteachas fite fuaite leis an todhchaí sin. Níor chaith Malaparte ach bliain le lucht Novecento. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé leis an ngluaiseacht úd Strapaese, a chuir béim ar thábhacht an chultúir thuaithe, ar an seanchas agus ar an mbéaloideas.

Faoin am seo a d'fhoilsigh sé a chuimhní cinn ón gCéad Chogadh Domhanda faoin teideal Viva Caporetto!, ar cuireadh atheagrán de i gcló faoin teideal La Rivolta dei santi maledetti ("Éirí Amach na Naomh Damanta"). Níor thaitin an leabhar leis na Faisistigh, agus fuair sé bata is bóthar ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Sna blianta 1928-31, bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán mór La Stampa, agus é ag foilsiú na hirise liteartha úd Fiera Litteraria chomh maith. Sa bhliain 1933, gabhadh é, agus chaill sé ballraíocht an Pháirtí Fhaisistigh. Díbríodh go hOileán Lipari in aice leis an tSicil é, agus ar dtús bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh sé cúig bliana a chur isteach ansin. Bhí cara sa chúirt aige, áfach, agus ceadaíodh dó an t-oileán a fhágáil i ndiaidh aon bhliain amháin. Ansin féin coinníodh i mbraighdeanas baile sa Tuscáin nó in Ischia é, agus b'éigean dó a chuid iriseoireachta a scríobh faoi ainm cleite.

I ndeireadh na dtríochaidí thóg Malaparte teach neamhghnách in Oileán Capri in aice le Milano, teach a bhfuil tábhacht leis mar chuimhneachán ailtireachta. Ba é an t-ailtire Iodálach Adalberto Libera a dhréachtaigh an teach, Villa Malaparte, agus tá clú agus cáil ar an áit inniu féin.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Malaparte ag obair ina iriseoir cogaidh. Scríobh sé tuarascálacha cogaidh ó chathéadain éagsúla an chogaidh: ón Afraic Thuaidh, ón bhFionlainn, ó na Balcáin, ón Aontas Sóivéadach. Ba é an nuachtán Corriere della Sera i Milano a d'fhoilsigh a chuid alt. Sa bhliain 1945, i ndiaidh do na Meiriceánaigh an Iodáil a ghabháil, bhí sé ina oifigeach idirchaidrimh idir na hIodálaigh agus na Meiriceánaigh. I ndiaidh an chogaidh, thosaigh sé ag cur suime sa Chumannachas. Nuair a bhí sé ar cuairt sa tSín, fuarthas amach go raibh ailse na scamhóg ag luí air, agus ba é an galar seo ba trúig bháis dó sa deireadh.

Saothar[athraigh | edit source]

Neamhfhicsean[athraigh | edit source]

  • Viva Caporetto! 1921
  • Le nozze degli eununchi 1922
  • L'Europa vivente 1923
  • Italia barbara 1925
  • Intelligenza di Lenin 1930
  • Technique du coup d'état, leagan Fraincise 1931; Tecnica del colpo di stato, leagan Iodáilise 1948
  • I custodi del disordine 1931
  • Le bonhomme Lénine, leagan Fraincise 1932
  • Deux chapeaux de paille d'Italie, leagan Fraincise 1948
  • Les deux visages d'Italie: Coppi et Bartali, leagan Fraincise 1949
  • Due anni di battibecco, 1955
  • Maledetti toscani 1956
  • Io, in Russia e in Cina, 1958
  • Mamma marcia 1959
  • L'inglese in paradiso 1960
  • Benedetti italiani 1961
  • Viaggi fra i terremoti 1963
  • Journal d'un étranger à Paris, leagan Fraincise 1963

Ficsean[athraigh | edit source]

  • Avventure di un capitano di sventura 1927
  • Don Camaleo 1928
  • Sodoma e Gomorra 1931
  • Fughe in prigione 1936
  • Sangue 1937
  • Donna come me 1940
  • Il sole è cieco 1941
  • Il Volga nasce in Europa1943
  • Kaputt 1944
  • La pelle 1949
  • Storia di domani 1949
  • Racconti italiani 1957

Drámaí[athraigh | edit source]

  • Du côté de chez Proust. Impromptu en un acte, leagan Fraincise 1948
  • Das Kapital. Pièce en trois actes, leagan Fraincise 1949
  • Anche le donne hanno perso la guerra 1954

Filíocht[athraigh | edit source]

  • L'Arcitaliano 1928
  • Il battibecco 1949
  • Il Cristo Proibito 1951