Léigiún Coigríochach na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaLéigiún Coigríochach na Fraince
(fr) Légion étrangère Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaLegio patria nostra Cuir in eagar ar Wikidata
AintiúnLe Boudin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmajor military unit (en) Aistrigh
elite unit (en) Aistrigh
léigiún coigríochach
volunteer military (en) Aistrigh
brainse míleata
military legion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh10 Márta 1831
Bunaitheoir(í)Louis-Philippe I Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirJean Maurin (en) Aistrigh
Paul-Frédéric Rollet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe7,699 Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtArm na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Cuid deFrench Armed Forces (en) Aistrigh
Arm na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlegion-etrangere.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: LegionetrangereOfficiel Twitter: LegionEtrangere Instagram: legionetrangereofficiel Youtube: UCGhyQZ6zPbEsEAmA_lswvrA Cuir in eagar ar Wikidata
Saighdiúirí ón Légion Étrangère

Aonad míleata de chuid fhórsaí armtha na Fraince é Léigiún Coigríochach na Fraince (Fraincis: Légion Étrangère) a bunaíodh thiar sa bhliain 1831 agus a fháiltíonn isteach earcaigh choimhthíocha ar mhaith leo dul ar fiannas in Arm na Fraince agus cath a chur ar son na Fraince. Ní chuireann an Léigiún na saoránaigh Fhrancacha ó dhoras ach an oiread, agus sa bhliain 2007, ba Francaigh iad 24% de na hearcaigh nua, is é sin, fear as gach ceathrar, beagnach.[1]

Inniu, glactar leis an Léigiún mar aonad scothaicme. Tagann na saighdiúirí as tíortha éagsúla nach ionann iad ó thaobh an chultúir de, agus mar sin caithfear oiliúint ar leith a chur orthu a bhfuil an-strus idir chorpartha agus síceach ag baint léi, le spiorad comhair a spreagadh i measc na saighdiúirí.

Ba é an Rí Louis Philippe a chuir tús leis an Léigiún ar an 10 Máirt 1831. Ba é ba chúis le bunú an Léigiúin nach raibh cead fiannais ag na heachtrannaigh in Arm na Fraince i ndiaidh réabhlóid na bliana 1830. Tháinig an Léigiún chun saoil le go bhféadfadh an rí teacht timpeall ar an gcosc seo. Bhí cúis eile ann fós: bhí réabhlóidithe teipthe ó thíortha eile ag tarraingt trioblóide, agus na húdaráis Fhrancacha den bharúil go rachadh sé chun leasa don tsochaí go léir dá mbeadh ruagairí reatha den chineál sin sásta dul sa Léigiún.

Cuireadh an Léigiún ar garastún san Ailgéir, agus ba í sin "tír dhúchais" an Léigiúin go ceann 160 bliain, rud a d'fhág a shliocht ar an aonad. Bhí an saol an-chrua sna chéad bhlianta sin, agus iad á gcur sa drocháit ba mheasa amuigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Joining | French Foreign Legion Information" (en-US). Dáta rochtana: 2021-12-10.