CLG Chontae Chill Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill Chainnigh
Kilkenny crest.jpg
Béarla Kilkenny GAA
Cúige Cúige Laighean
Leasainm Na Cait
Dathanna Dubh is ómra
Staid Páirc Uí Nualláin
Spórt ceannasach Iomáint
Sraith Pheile Náisiúnta Sraith 4
Sraith Iomána Náisiúnta Sraith 1
Craobh Pheile Corn Uí Mhurchú
Craobh Iomána Corn Mhic Carthaigh
Peil na mBan Corn Uí Mháirtín
Camógaíocht Corn Uí Dhubhthaigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Cumann spóirt é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Chill Chainnigh, a eagraíonn na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Chill Chainnigh. Is craobh áitiúil de Chumann Lúthchleas Gael í, a bunaíodh sa bhliain 1887, trí bliana tar éis bhunú an chumainn féin. Is iad peil Ghaelach, iomáint, Peil Ghaelach na mBan camógaíocht, liathróid láimhe agus cluiche corr na cluichí a imrítear sa chontae, ach is iad an iomáint agus an chamógaíocht na cinn atá níos coitianta.

Iomáint[athraigh | edit source]

Níl aon dabht go bhfuil Cill Chainnigh i measc na foirne is láidre sa spórt seo. Ghlac na Cait páirt i 55 cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann, agus tá 31 bua acu. Tháinig an bua is déanaí sa bhliain 2012, nuair a bhuaigh siad Corn Liam Mac Carthaigh in éadan na Gaillimhe. Shroich na Cait na deich gcluiche ceannais is déanaí, agus tá ocht mbua acu.

Stair[athraigh | edit source]

Tús na ré nua-aimseartha[athraigh | edit source]

Dathanna spóirt an chontae

Sa bhliain 1922, bhuaigh Cill Chainnigh a séú craobh Laighean déag, sula ndeachaigh siad chun páirce in aghaidh Thiobraid Árainn sa chluiche ceannais. Ceann spreagúil a bhí ann - bhí na Tiobradaigh trí chúilín chun cinn le trí nóiméad fágtha ar an gclog, ach throid na Cait ar ais chun dhá chúl a aimsiú agus an bua a bhaint amach. Ní bhuailfidís iad sa chraobh arís go dtí go raibh cúig bliana is dhá scór thart. Chóiméad na Cait a gcoróin i gCúige Laighean, ach fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu sna cluichí leathcheannais. Bhí 1926 ann nuair a thug Cill Chainnigh aghaidh ar Chorcaigh sa chluiche deiridh, lá ina raibh Páirc an Chrócaigh clúdaithe le brat sneachta. Theip orthu ar an lá, áfach, agus bhí an bua ag na Ceannaircigh.

Ba thréimhse an-rathúil do na gCait é na 1930idí, le dhá cheann de na cluichí ceannais is cáiliúla riamh ar an dá thaobh den deichniúr. An fhoireann eile a bhí san iomaíocht leo mar fhoireann an deichniúir ná Luimneach. Sa bhliain 1931, bhí na Cait ar ais arís mar churaidh Laighean sular bhuail siad le Corcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhí Corcaigh chun cinn ag leath ama, ach tháinig Cill Chainnigh ar ais chun cúrsaí a chothromú. San ath-imirt, chuir Lory Ó Meachair isteach ceann de na taispeántais ab fhearr a bhí aige riamh ar an bpáirc iománaíochta. Bhí na Cait ag cailliúint arís ag leath ama, ach tháinig siad ar ais ón mbás arís agus chríochnaigh siad ar chomhscór le Corcaigh. Bhí ath-imirt eile le himirt, ach bhí orthu an cluiche a imirt gan Lory Ó Meachair, laoch na gCat, a bhí gortaithe. Buille mór a bhí ann dóibh, agus chailleadar le seacht gcúilín. An bhliain dar gcionn, áfach, bhí Cill Chainnigh ar ais sa chluiche mór. An fhoireann a bhí ós a gcomhair ná an Clár, ábhair iontais ag an am. Níor chruthaigh na Cláirínigh aon fhadhbanna do na Cait sa deireadh, agus fuair siad an ceann is fearr orthu le cúl amháin eatarthu. Bhí an chéad chorn glactha acu sa deichniúr seo. Sa bhliain 1934, ghlac Cill Chainnigh páirt ina tríú cluiche ceannais as a chéile, in éadan Luimneach. Coimhlint ghéar a bhí inti, ach bhí an lá ag na gCait chun dhá chorn as a chéile a bhaint amach.

Nuair a bhí 1935 ann, bhuaigh Cill Chainnigh a gcoróin Laighean ar ais, sular cháiligh siad don cluiche deiridh. Bhí Luimneach ag feitheamh leo ar an lá seo arís. Bhí an bua ag na gCait, ach ní raibh eatarthu ach an bearna is lú. Sa bhliain 1936, lean an streachailt idir Chill Chainnigh agus Luimneach ar aghaidh nuair a thug siad aghaidh ar a chéile sa chluiche mór arís. Bhí bua cuimsitheach ag Luimneach sa cheann seo, le scór deiridh 5-6 go 1-5. An bhliain dá gcionn, bhí deis ag Cill Chainnigh teacht ar ais nuair a fuair siad áit i gcluiche ceannais na bliana seo, an tríú cinn as a chéile. D'imir siad i gcoinne Thiobraid Árainn sa chluiche. Chlis na Cait ar an lá mór, ámh, agus ghlac na Tiobradaigh an corn le bearna seacht gcúilín idir na foirne. Bhí an chuma air go mbeadh deireadh le sár-fhoireann na 1930idí ag an bpointe sin, ach shroicheadar cluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1939 arís. Ar an lá a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, chuaigh na Cait amach ar Pháirc an Chrócaigh chun bhuaileadh le Corcaigh. Bhí an dhá fhoireann cothrom ar feadh an chuid is mó den chluiche, agus imríodh buaicphointe an chluiche le linn stoirm thoirní. Ghlac Terry Leahy áit mar laoch an lá nuair a sheol sé an cúilín cinniúnach thar an trasnán sna soicindí deireanacha, chun a bua a thabhairt do na Cait. Bhí siad ar ais i gcluiche deiridh na craoibhe sa bhliain 1940, an cúigiú cinn taobh istigh de sé bliana. Bhí na dhá fhoireann - Luimneach agus Cill Chainnigh ag dul in aoise ag an am seo, ach fuair Luimneach an ceann is fearr.

Ag tús na 1940idí, bhí ar Chill Chainnigh tarraingt amach as an craobh mar gheall ar briseadh amach galair crúibe is béil sa chontae. Bhuadar a gcoróin Laighean ar ais sa bhliain 1943, ach tháinig Aontroim aniar aduaidh ar chách chun na Cait a chloígh sa chluiche leathcheannais. Bhí ar na Cait fanacht go dtí 1945 nuair a bheadh siad sa chluiche mór arís, le Tiobraid Árainn mar chéile comhraic. Bhí na Mumhanaigh i bhfad chun tosach ag leath ama. Chuaigh na Cait ar an ionsaí sa dara leath chun teacht isteach san iomaíocht, ach ní raibh siad in ann na Tiobradaigh a stopadh. Bhuail Cill Chainnigh le Corcaigh sa cluiche deiridh sa bhliain 1946. Tar éis chomórtas géar sa chéad leath, sheol na Ceannaircigh cúig chúl isteach in eangach na gCat, agus bhí sé thart ar feadh bliain amháin eile. Bhí saghas ath-imirt ann sa bhliain 1947, nuair a thug na fathaigh céanna aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais. Ar an lá seo, imríodh ceann de na chluichí ab fhearr riamh. Bhí Corcaigh sa tóir ar an séú craobh taobh istigh de seacht mbliana. Bhí cuspóir difriúil ach tábhachtach fós ag na Cait, trí chailliúint as a chéile sa chluiche ceannais a sheachaint. Bhí Cill Chainnigh ar an bhfoireann a fhearr ar feadh an chuid ba mhó den chluiche, ach d'aimsigh Corcaigh dhá chúl agus an lá ag druidim chun deiridh, agus ba bheag nár bhuadar. Ach sna nóiméad deireanach, bhí Terry Leahy ann arís leis an gcúilín tábhachtach a shábháil na Cait agus an tríú chorn déag a thabhairt dóibh.

Na drochlaethanta[athraigh | edit source]

Cé go raibh Cill Chainnigh ar an bhfoireann ab fhearr sa tír sa bhliain 1947, cuireadh tús le drochthréimhse don chontae agus ganntanas ratha a mhairfeadh ar feadh deichniúr. Bhuadar Craobh Laighean sa bhliain 1950, ach chuir Tiobraid Árainn deireadh leo sa chluiche ceannais, agus iad ar an mbóthar chun trí chorn a bhaint amach as a chéile. D'éirigh leis na gCait Craobh Laighean a ghoideadh ar ais arís sa bhliain 1953, ach níor tháinig siad slán as an cluiche leathcheannais, le Gaillimh ag fáil an lámh in uachtar orthu. Bhí ceithre bliana thart sular corónaíodh iad mar churaidh Laighean arís. I gcluiche ceannais na bliana seo, d'imir siad i gcoinne Phort Láirge don chéad uair riamh sa chraobh. Bhí na Déisigh chun cinn le cúig nóiméad déag fágtha le himirt, ach d'éirigh leis na gCait teacht ar ais agus an bua a fháil, 4-10 go 3-12.

Choimeád Cill Chainnigh smacht ar Chúige Laighean sa bhliain 1958 chomh maith. Rinneadh athrú i bhformáid na craoibhe don bhliain seo, agus bhí orthu buaileadh le Tiobraid Árainn sa chluiche leathcheannais. Ní raibh an t-ádh orthu arís, áfach, agus b'iad a gcéile comhraic a bhí le leanúint ar aghaidh sa chluiche deiridh. Bhuadar an tríú corn Laighean as a chéile sa bhliain 1959, ach chríochnaigh cluiche ceannais na hÉireann in éadan Phort Láirge mar chomhscór. Bhí ath-imirt de dhíth, cluiche ina d'imir leaid óg darbh ainm Éadbhard Ó Cathaoir a chéad chluiche ag an leibhéal seo. Bhí an lá ag na Déisigh fós, áfach. Bhain na Cait an tSraith Náisiúnta amach sa bhliain 1962, rud a thug an fuinneamh agus an spreagadh dóibh Craobh Laighean a bhuachaint arís sa bhliain 1963. Bhí siad i bhfad chun cinn in aghaidh Phort Láirge sa chluiche deiridh, agus throid na Déisigh ar ais ó bhearna d'aon phointe déag. Níor chaill Cill Chainnigh a misneach, áfach, agus bhuaigh siad le dhá chúilín. Bhí an bua acu arís i gCúige Laighean sa bhliain 1964, agus chuaigh siad go díreach isteach sa chluiche ceannais. Bhí na Cait mar rogha na coitiantachta chun seilbh a choimeád ar Chorn Mhic Uidhir, ach ní raibh an script léite ag Tiobraid Árainn agus scrios siad Cill Chainnigh le ceithre chúilín déag idir na foirne ag deireadh an imeartha. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1966, bhuaigh na Cait an tSraith arís. Chuir siad Craobh Laighean leis gan mhoill, agus thóg siad a n-áit i gcluiche ceannais eile. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh bua éasca acu i gcoinne foireann óg Chorcaí, ach fuair an óige an ceann is fearr ar an taithí agus tháinig na Ceannaircigh mar bhuaiteoirí. Sa bhliain 1967, bhí na Cait buacach i gCúige Laighean arís agus bhuaigh siad áit ina gceathrú cluiche ceannais sa deichniúr. Bhí Tiobraid Árainn in éineacht leo ar an leo, foireann aosta a bhí ag teacht chun deiridh ré. Ghnóthaigh na Cait cúil luachmhara ag na nóiméid ba thábhachtaí, chun bua cáiliúil a bhaint amach. Ba é an chéad bhua a bhí acu thar na Tiobradaigh ón nuair a bhí 1923 ann.

An fhoireann ab fhearr riamh?[athraigh | edit source]

Is iomaí duine atá den tuairim go bhfuil foireann Chill Chainnigh ón thréimhse 1969-1757 ar an gceann ab fhearr riamh. I measc na laochra iomána a bhí san fhoireann seo ná Éadbhard Ó Cathaoir, Oilibhéar Breathnach, Nollaig Ó Sceacháin, Prionsias Ó Coimín, Fan Ó Lorcáin agus Pádraig Mac Éinrí. Chuir siad tús leis an ré seo le bua i gcoinne Loch Garman chun craobh Laighean a thóg ar ais sa bhliain 1969, agus cháiligh siad don chluiche ceannais chomh maith. Bhí Corcaigh ós a gcomhair i bPáirc an Chrócaigh, agus bhí díoltas ar intinn ag na gCait mar ní raibh bua ionadh na bliana 1966 dearmadta acu ar chor ar bith. Chríochnaigh an cluiche i bhfabhar na gCat, le scór deiridh 2-15 go 2-9. Sa bhliain 1970, chuir Loch Garman láimhe ar Chorn Laighean arís, ach thug an caillteanas seo an spreagadh do Cill Chainnigh chun cúig chorn as a chéile a bhaint amach idir 1971 agus 1975. Chomh maith le sin, bhuaigh said áit i gcúig cluiche ceannais as a chéile freisin, curiarracht a sheasann fós.

B’iad na Tiobradaigh a thug aghaidh ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na bliana 1971, an chéad cheann a craoladh ar theilifís dhaite in Éirinn. Cé go ghnóthaigh Eddie Ó Cathaoir 2-11, bhuaigh Tiobraid Árainn le scór deiridh 5-17 go 5-14. An bhliain dár gcionn, 1971, bhuail siad le Corcaigh sa chluiche mór, an t-aon chluiche ceannais amháin idir na sean-naimhde seo a mhair ar feadh ochtó nóiméad. Sa dara leath, bhí bearna d’ocht gcúilín oscailte ag na Ceannaircigh, a bhí siadsan ar a gcompord. Ní raibh na Cait réidh éirí as, ámh, agus d’éirigh leo an cluiche a bhuachaint le seacht gcúilín. Cluiche ceannais clasaiceach a bhí ann arís, Cill Chainnigh ag teacht ar ais ón mbás agus bearna de cheithre chúilín déag. Sa bhliain 1973, bhuail siad le Luimneach don chéad uair ón bhliain 1940. Chuir gortuithe, tinneas agus imirce go mór isteach ar na Cait, ámh, agus chailleadar a gcoróin mar churaidh na tíre. Drochlá gan dabht, ach fuair siad an deis cúrsaí a réiteach an bhliain ina dhiaidh sin, 1974. Shocraigh Luimneach síos go tapaigh sa chluiche agus d’oscail chuadar chun cinn go luath. Ní raibh siad in ann fail réidh leis na Cait áfach, agus d’aimsigh siad roinnt chúil chun an bua a fháil le dhá phointe déag.

Ag an am a bhain Cill Chainnigh a gcéad Corn Laighean eile amach sa bhliain 1978, bhí foireann na seachtóidí ag briseadh suas de réir a chéile. D'imir siad in aghaidh Chorcaigh i gcluiche ceannais na bliana seo, ach bhí curaidh Mumhan i bhfad ró-láidir dóibh agus bhain siad an "trí cinn as a chéile" amach. Sa bhliain 1979, chonacthas instealladh fola nua isteach san fhoireann agus bronnadh an seachtú gcorn Laighean taobh istigh de deich mbliana orthu mar dhuais. Thóg siad Corn Mhic Uidhir freisin, tar éis drochchluiche ceannais in aghaidh na Gaillimhe.

Na hochtóidí agus na nóchaidí[athraigh | edit source]

Ag tús na 1980idí, bhí sárfhoireann na seachtóidí beagnach briste suas, agus bhí Uíbh Fhailí tar éis teacht ar an bhfód mar na boic ba mhó i gCúige Laighean. B’éigean do na Cait fanacht go dtí 1983 chun an Sraith Náisiúnta agus Craobh Laighean a bhaint amach arís. I gcluiche ceannais na bliana seo, d’aimsigh Christy Heffernan dhá chúil taobh istigh de daichead nóiméad chun an corn a thabhairt do na Cait. Éacht thábhachtach a bhí ann, ar a thugtar an “dúbailte dúbailte”, ós rud é gur bhuadar an tSraith, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile. Bhí siad sa tóir ar an “trí as a chéile” sa bhliain 1984, agus cuireadh stad leis na smaointí seo nuair a theip orthu i gCraobh Laighean.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ghlac siad an tSraith arís sular ghoid siad a gcoróin Laighean ar ais ó Uíbh Fhailí. Ábhar dóchais a bhí ann arís, ach bhí Gaillimh ag feitheamh leo sa chluiche leathcheannais, agus b’iad fir na Gaillimhe a bhí le leanúint ar aghaidh sa chluiche ceannais. Agus ní raibh deireadh na Gaillimheach cloiste acu fós, mar fuair siadsan an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na bliana 1987. Chaith Cill Chainnigh trí bliana ina dhiaidh sin caillte i bhfásach na h-iomána, agus níor athraigh cúrsaí go dtí gur tháinig an seanlaoch Oilibhéar Breathnach mar bhainisteoir orthu. Chuir siad tús leis an obair atógála le bua sa tSraith sa bhliain 1990, agus chuir siad Craobh Laighean leis chomh maith. Shroicheadar a chéad chluiche ceannais faoi bhainisteoireacht Bhreathnaigh sa bhliain 1991, ach bhí Tiobraid Árainn ar an bhfoireann ab fhearr ar an lá chun a chéad bhua a bhaint amach in aghaidh Chill Chainnigh ar feadh fiche bliain. Sa bhliain 1992, choimeád siad seilbh ar Chúige Laighean agus thugadar aghaidh ar Chorcaigh sa chluiche deiridh. D’imir na Cait in éadan na gaoithe sa chéad leath, ach bhí siad in ann an corn a bhuachaint, 3-10 go 1-12. Bhí an tríú corn Laighean bailithe acu sa bhliain 1993 sular ghlac siad áit sa chluiche ceannais, agus bhí an bua acu arís le cúig phointe le spáráil.

Ar feadh an dhá bhliain ina dhiaidh sin, b’iad Uíbh Fhailí agus Loch Garman a bhí i gceannas i gCúige Laighean. Bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 1995 sular bhaineadar an tSraith arís.

Ré Bhriain Mhic Óda[athraigh | edit source]

Tháinig Nioclas Ó Braonáin i gceannas ar Chill Chainnigh. Mhair sé sa phost ar feadh dhá bhliain i lár na nóchaidí, ach ba bheag an rath a bhí ag foireann an chontae faoina bhainisteoireacht. An duine a thóg a áit ná an seanimreoir eile Caoimhín Ó Fionnalaigh, agus chonacthas feabhsú san fhoireann. Bhuadar Corn Laighean sa bhliain 1998, ag fail an bua i gcoinne Uíbh Fhailí. Chríochnaigh an chraobh le díomá arís, ámh, le hUíbh Fhailí ag baint díoltas amach orthu sa chluiche ceannais. Bhí rás Uí Fhionnalaigh rite freisin, agus d’éirigh sé as. Bhí cúrsaí iomána an chontae chun feabhsú arís, áfach, nuair a ghlac Brian Mac Óda an post, iar-imreoir eile a bheadh ar duine de na bainisteoirí is rathúla riamh.

Sa bhliain 1999, thosaigh Mac Óda ag tógáil ar an rath a bhú bainte amach ag an bhfoireann i gCraobh Laighean an bhliain roimhe sin. Bhuadar an corn arís, agus chomh maith le sin bhuaigh siad áit sa chluiche ceannais don dara bhliain as a chéile. Corcaigh a bhí ann rompu mar chéile comhraic ar an lá mór. Chuir an drochaimsir isteach ar caighdeán an imeartha, ach ní raibh aon leithscéal i ndáiríre ag na Cait agus bhí na Ceannaircigh ró-ghlic dóibh. Níor mhéadaigh muinín na foirne ar chor ar bith, agus thosaigh siad ag fail smacht ar Chúige Laighean le bua réasúnta éasca eile sa bhliain 2000. Leis an méid seo déanta acu, shiúil siad isteach sa chluiche ceannais gan mórán stró ach oiread. Bhí géarghá leis an gcorn a bhaint amach, agus spreagadh mór eile a bhí ann go raibh seans ann go mbeadh siad ar an gcéad fhoireann chun trí chluiche ceannais as chéile a chailleadh. Ba mhór an brú a bhí ar ghualainn na foirne, ach i ndeireadh na dála scrios siad Uíbh Fhailí agus bhí tús curtha le ré rathúil nua.

Bhí Craobh Laighean eile curtha ag bailiúchán an chontae, sular bhuadar an tSraith arís sa bhliain 2002. Bhí cáil na foirne ag fás mar an contae is láidre sa tír, agus chuir siad corn Laighean agus corn uile-Éireann eile leis a mbailiúchán sa bhliain 2003. Bhain na himreoirí agus muintir na chontae suntas ar leith as an éacht seo, "dúbáilte dúbailte" eile leis an trí chorn buaite acu don dara bhliain as a chéile.

Ach sa bhliain 2004, bhí na Cait sa tóir ar eácht ní ba mhó - an tríú craobh as a chéile, sáréacht a dhearbhófaí stádas na foirne mar cheann de na foirne is fearr riamh. Thit siad ag an gcéad cliath, áfach, le Loch Garman ag fáil réidh leo i gCúige Laighean. Bhí an-tús acu sa bhliain 2005, ag tógáil na Sraithe agus Craobh Laighean. Níor mhair siad ní b'fhada ná an babhta leathcheannais, áfach, le Gaillimh ag cur deireadh leo. Bhí rath na foirne chun fheabhsú arís sa bhliain 2006. Choimeád siad an tSraith agus Craobh Laighean, sular ghlac siad áit sa chluiche ceannais in aghaidh Chorcaigh. Bhí foireann Chorcaí ag barr a maitheasa, agus bhí siad ar tí an "trí as a chéile" a bhaint amach dóibh féin. Ní raibh easpa spreagadh ann do na Cait nuair a chuaigh siad chun pháirce, agus bhí an lá leo tar éis bhua cuimsitheach. Lean na Cait ag briseadh na gcuriarrachtaí san athbhliain nuair a bhuaigh siad an naoú gcorn i gCúige Laighean taobh istigh de deich bliana. Bhuaigh siad ar Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann, agus bhí an 30ú corn acu. Sa bhliain 2008, bhí an deis ag na Cait arís an "trí as a chéile" a bhaint amach. Ócáid stairiúil a bhí ann i bPáirc an Chrócaigh nuair a d'ardaigh captaen na foirne Cha Mac Giolla Phádraig, tar éis bhua thar a bheith cuimsitheach ar Phort Láirge. Sa lá atá inniu ann, is iad foireann iomána Chill Chainnigh is rathúla riamh. Deirtear go minic go bhfuil an fhoireann atá ann inniu ar an gceann is fearr riamh chomh maith. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann don cheathrú bliain as a chéile ar an 6 Meán Fómhair 2009.

Duaiseanna[athraigh | edit source]

  • Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann: 34
    • 1904, 1905, 1907, 1909, 1911, 1912, 1913, 1922, 1932, 1933, 1935, 1939, 1947, 1957, 1963, 1967, 1969, 1972, 1974, 1975, 1979, 1982, 1983, 1992, 1993, 2000, 2002, 2003, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012
  • Craobh Iomána Sinsearach Laighean: 66
    • 1888, 1893, 1895, 1897, 1898, 1900, 1903, 1904, 1905, 1907, 1909, 1911, 1912, 1913, 1916, 1922, 1923, 1925, 1926, 1931, 1932, 1933, 1935, 1936, 1937, 1939, 1940, 1943, 1945, 1946, 1947, 1950, 1953, 1957, 1958, 1959, 1963, 1964, 1966, 1967, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975, 1978, 1979, 1982, 1983, 1986, 1987, 1991, 1992, 1993, 1998, 1999, 2000, 2001, 2002, 2003, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009
  • Craobh Iomána Faoi-21 Laighean: 23
    • 1968, 1974, 1975, 1976, 1977, 1980, 1981, 1982, 1984, 1985, 1988, 1990, 1993, 1994, 1995, 1998, 1999, 2003, 2004, 2005, 2006, 2008, 2009
  • Craobh Iomána Mionúrach Laighean: 52
    • 1930, 1931, 1932, 1933, 1935, 1936, 1937, 1939, 1942, 1948, 1949, 1950, 1951, 1955, 1956, 1957, 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975, 1976, 1977, 1978, 1979, 1981, 1982, 1984, 1988, 1990, 1991, 1992, 1993, 1994, 1995, 1996, 1997, 1998, 1999, 2001, 2002, 2003, 2004, 2006, 2008, 2009
  • Craobh Iomána Sóisearach Laighean: 25
    • 1909, 1911, 1913, 1916, 1928, 1930, 1935, 1939, 1941, 1946, 1949, 1951, 1956, 1958, 1983, 1984, 1986, 1988, 1989, 1990, 1991, 1993, 1994, 1995, 1996, 2002
  • Sárimreoirí na Bliana: 142
    • 1971 (4), 1972 (6), 1973 (7), 1974 (7), 1975 (6), 1976 (3), 1978 (3), 1979 (4), 1982 (8), 1983 (9), 1984 (2), 1985 (1), 1986 (1), 1987 (3), 1990 (1), 1991 (2), 1992 (7), 1993 (6), 1994 (1), 1995 (1), 1997 (3), 1998 (2), 1999 (4), 2000 (9), 2001 (1), 2002 (7), 2003 (8), 2004 (3), 2005 (2), 2006 (6), 2007 (6), 2008 (9)

Imreoirí cáiliúla[athraigh | edit source]

   

Bainisteoirí[athraigh | edit source]

Ainm Club Ó Go dtí Craobh na hÉireann Craobh Laighean
An tAthair Tomás Ó Meachair Baile Mhic Andáin 1957 1978 1957, 1963, 1967, 1969, 1972,
1974, 1975
1957, 1958, 1959, 1963, 1964, 1966, 1967,
1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975, 1978
Pádraig Mac Éinrí/
Éadbhard Ó Cathaoir
Na Fíníní/
An Robhar/Inis Tíog
1978 1980 1979 1979
Pilib "Fan" Ó Lorcáin Séamus Stiofáin 1980 1981
Pádraig Mac Éinrí Na Fíníní 1981 1987 1982, 1983 1982, 1983, 1986, 1987
Éadbhard Ó Cathaoir An Robhar/Inis Tíog 1987 1988
Diarmaid Ó hÉilí Conahy Shamrocks 1988 1990
Oilibhéar Breathnach Baile Mhic Andáin 1990 1995 1992, 1993 1991, 1992, 1993
Nioclás Ó Braonáin Conahy Shamrocks 1995 1997
Caoimhín Ó Fionnalaigh Na Seamróga Baile hÉil 1997 1998 1998
Briain Mac Óda Séamus Stiofáin 1998 Anois 2000, 2002, 2003, 2006, 2007, 2008 1999, 2000, 2001, 2002, 2003, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009

Foireann Iomána na Mílaoise[athraigh | edit source]

Cuimsíodh ceathrar imreoir Chill Chainnigh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise a roghnaíodh sa bhliain 1999:

Curiarrachtaí[athraigh | edit source]

Texaco Iománaí na Bliana[athraigh | edit source]

All-star Iománaí na Bliana[athraigh | edit source]

Buaiteoirí All-star is mó[athraigh | edit source]

Peil Ghaelach[athraigh | edit source]

Níl an pheil chomh láidir is atá an iomáint sa chontae, agus níl bua ag Cill Chainnigh i gcluiche sinsir ar feadh 85 bliain anois. B'é an bua sa bhliain 1929 in éadan Chontae an Lú an ceann is déanaí (0-10 fo 0-4). Is é Cill Chainnigh an t-aon contae amháin nach glacann páirt i gCraobh Pheile na hÉireann, ach d'fhill siad ar ais ar an tSraith Náisiúnta don bhliain 2009.

Duaiseanna[athraigh | edit source]

Clubanna[athraigh | edit source]

  • Na Seamróga Baile Héil
  • Raonaithe Bhearbhaithe
  • Droichead Binéid
  • Dubh agus Bán
  • Carraig Seac
  • Carraigín
  • An Clárach
  • Cluainín
  • Dún Feart
  • Dicsboro
  • Dún Iomagáin
  • Emeralds
  • Rogha Éireann
 
  • Na Fíníní
  • Gabhal Mhaoth
  • Gleann Mór
  • Gráig/Baile Uí Challáin
  • Gráig Na Manach
  • Séamus Stiofáin
  • Seán Locha
  • Cill Mhic Bhúith
  • Cill Mogheanna
  • Lios Dún Fhiaich
  • Móin Coin
  • Maghthulaí
  • Muileann an Bhata
 
  • Gaeil Ó Lochlainn
  • Baile an Phoill
  • Clós an Rial
  • An Robhar/Inis Tíog
  • Sliabh Rua
  • Naomh Lachtain
  • Naomh Máirtín
  • Naomh Pádraig
  • Baile Mhic Andáin
  • Ban na nDuach
  • Tulach Ruáin
  • Tulach Thoir Ros-Ui-Beirchain
  • Bearna Na Gaoithe
  • Éire Óg, Gabhrán

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]