CLG Séamus Mac Stiofáin (Cill Chainnigh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamus Stiofáin Cill Chainnigh
Béarla: James Stephens
Bunaithe: 1887
Contae: Cill Chainnigh
Roinn:
Peil: Sinsear
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dearg agus glas
Páirc: Gort na Learóige, Cill Chainnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i bparóiste Naomh Pádraig, i gCathair Chill Chainnigh é CLG Séamas Stiofáin.

Laochra an chumainn[athraigh | edit source]

Ó bunaíodh an cumann sa bhliain 1887, tá ainm an chlub in airde mar cheann de na sár-chumainn iomána na tíre. I measc na laochra an chumainn is mó ná:

  • Muintir Uí Lorcáin - Paddy, Phil 'Fan' agus Philly, trí ghlúin a bhain amach craobhacha uile Éirinn.
  • Liam "Chunky" Ó 'Briain - ealaíontóir mar thosach agus i lár na páirce.
  • Mícheál Ó Crotaigh - tosach den scoth.
  • Seosamh Ó hAonasa - lár na páirce agus ina chosantóir.
  • Briain Mac Óda - mar imreoir , an chéad bhall den Chumann a bhain amach craobh na hÉireann mar chaptaen agus mar bhainisteoir ag tús na haoise 2000.
  • Seán "Jackie" Tyrrell - Imreoir agus captaen ar Chill Chainnigh sa bhliain 2006.
  • Eoin Ó Lorcáin , Iománaí na bliana 2008

Craobh Comórtas na gClub[athraigh | edit source]

Ba iad CLG Séamus Mac Stiofáin na ceannródaithe do chumainn Chill Chainnigh i gCraobh Comórtas na gClub. B'iadsan curaithe na bliana 1976, 1982 agus 2005.

Féile na nGael[athraigh | edit source]

Tá comórtas uile Éireann Faoi 14 buaite ag foireann an pharóiste sna blianta 1981, 1983, 1989, 1994,1996,2003,2008 an chéad dá uair mar fhoireann scoile Scoil Naomh Pádraig agus uaidh sin mar fhoireann an Chumainn.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]