Nioclás Ó Braonáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fear spóirt Éireannach é Nioclás Ó Braonáin (rugadh é ar an 3 Nollaig, 1953 i gConachadh, Contae Chill Chainnigh) (Béarla: Nickey Brennan), a bhí ina iománaí ag a chlub áitiúil Conahy Shamrocks sa chontae agus foireann idirchontae Chill Chainnigh sna seachtóidí. Tar éis dó éirí as mar imreoir, chaith sé dhá bhliain idir 1995 agus 1997 ina bhainisteoir ar an bhfoireann chéanna.

Bhí Ó Braonáin ina Uachtarán ar Cumann Lúthchleas Gael ó 2006 go dtí 2009.