Sraithchomórtas Peile Náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sraithchomórtas Peile Náisiúnta
Gaelic football ball.jpg
Sonraí
Spórt Peil Ghaelach
Urraitheoirí Allianz
Duais New Ireland Cup
Bunaithe 1925-1926
Céad bhuaiteoir Laois
Curaidh Baile Átha Cliath
Buaiteoirí is mó Ciarraí
Suíomh oifigiúil Eolas ar gaa.ie

Comórtas peile Éireannach is ea Sraithchomórtas Peile Náisiúnta (Béarla: National Football League no Allianz National Football League), a eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil san Earrach (Feabhra - Aibreán). Níl an tsraith chomh tábhachtach is atá Craobh Peile na hÉireann,[1] rud atá fíor maidir leis an gcomórtas iomána freisin. Ar an taobh eile, tá stair fhada bhródúil ag na sraitheanna náisiúnta. Craoltar cluichí beo ar TG4 agus Setanta Sports.

Is é Allianz an t-urraitheoir faoi láthair.

Stair[athraigh | edit source]

Cuireadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an gheimhridh 1925-1926, mar a bhí an nós suas go dtí an bhliain 2002 nuair a bogadh é go dtí an tEarrach. Bhuaigh Laois an chéad chomórtas. Bhí suim ag na foirne go léir sa chomórtas ón tús, ach bhaintí úsáid as den chuid is mó chun cleachtas a fháil sular thosaigh Craobh na hÉireann sa tsamhradh.

Buaiteoirí[athraigh | edit source]

Foireann Buaiteoirí Dara háit Blianta
KerryCrest.png Ciarraí 19 4 1928, 1929, 1931, 1932, 1959,1961, 1963, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1977, 1982, 1984, 1997, 2004, 2006, 2009
Mayocrest.jpg Maigh Eo 11 6 1934, 1935, 1936, 1937, 1938, 1939, 1941, 1949, 1954, 1970, 2001
Dublinnewcrest.png Baile Átha Cliath 10 12 1953, 1955, 1958, 1964, 1976, 1978, 1987, 1991, 1993, 2013
Corkcrest.png Corcaigh 8 5 1952, 1956, 1980, 1989, 1999, 2010, 2011, 2012
Meath GAA Crest.jpg An Mhí 7 9 1933, 1946, 1951, 1975, 1988, 1990, 1994
Derry gaa.png An Doire 6 5 1947, 1992, 1995, 1996, 2000, 2008
Downnewcrest.jpg An Dún 4 4 1960, 1962, 1968, 1983
Galwaynewcrest.jpg Gaillimh 4 5 1957, 1965, 1967, 1981
Laois.png Laois 2 1 1926, 1986
Cavannewcrest.jpg An Cabhán 2 5 1948, 1950
TyroneCrest.gif Tír Eoghain 2 1 2002, 2003
Armaghcrest.png Ard Mhacha 1 3 2005
Longfordnewcrest.jpg An Longfort 1 0 1966
Monaghancrest.jpg Muineachán 1 1 1985
Roscommonnewcrest.jpg Ros Comáin 1 2 1979
Offalynewcrest.jpg Uíbh Fhailí 1 2 1998

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]