Briain Mac Óda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Briain Mac Óda
Kilkenny crest.jpg
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla Brian Cody
Dáta breithe 4 Deireadh Fómhair, 1954
Dáta báis
Áit bhreithe Droichead Binéid, Contae Chill Chainnigh
Airde
Leasainm
Eolas club
Club Séamas Mac Stiofáin
Ionad Lán-chúlaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Séamas Mac Stiofáin ~1975 - 1986
Idirchontae
Contae Cill Chainnigh
Ionad Lán-chúlaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Cill Chainnigh 1975 - 1986
Duaiseanna
Craobh Cúige Laighean 7
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 5
Sárimreoirí 2

Bainisteoir agus iar-imreoir iománaíochta é Briain Mac Óda (Béarla: Brian Cody), a rugadh i gContae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1954. Bhain sé cáil amach ina iománaí leis an bhfoireann idir-chontae Chill Chainnigh sna 1970idí agus na 1980idí, agus is bainisteoir rathúil é ar an bhfoireann chéanna sa lá atá inniu ann.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Saolaíodh Briain Mac Óda sa bhliain 1954 i Sheestown, baile beag cúig chiliméadar ó chathair Chill Chainnigh. D'éirigh sé aníos i dteaghlach a bhí an-ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael, agus bhí a athair ina chathaoirleach ar an gclub áitiúil Séamas Mac Stiofáin ar feadh seacht mbliana déag. D'fhreastail Mac Óda ar an scoil náisiúnta sa cheantar ar dtús, an scoil De La Salle níos déanaí agus ansin Coláiste Naomh Chiaráin. Ba scoil an-láidir é Naomh Ciarán i gcúrsaí spóirt, agus an iomáint go h-áirithe. Bhí sé ina dhalta sa choláiste seo nuair a fuair Mac Óda a chéad bhlas den iomáint, agus bhain sé a chéad bhonn amach i gCraobh Choláistí na hÉireann sa bhliain 1971. Cuireadh an rath seo tús ar a ghairmréim leis an bhfoireann idir-chontae.

Bhain Mac Óda céim amach freisin, agus chaith sé tréimhse ag múineadh sa scoil De La Salle. Phós sé le hElsie Walsh as Contae Loch Garman, bean a d'imir camógaíocht san fhoireann idir-chontae. Is iománaí leis na gCait é a mhac Donnacha Mac Óda, a bhris isteach san fhoireann sinsearach sa bhliain 2006.

Ina iománaí dó[athraigh | edit source]

Chuaigh Mac Óda isteach san fhoireann idir-chontae mionúrach sa bhliain 1972. Ina chaptaen a bhí sé an bhliain seo, agus bhuaigh an fhoireann Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann chomh maith. Mar gheall ar an rath a bhí aige ina mhionúr dó, tógadh isteach sa scuaid sinsearach é an bhliain ina dhiaidh 1973. Foireann iontach a bhí ann sna laethanta seo, agus fuair Mac Óda seans imirt in éineacht leis na sár-iománaithe Nollaig Ó Sceacháin, Éadbhard Ó Cathaoir agus daoine eile. Ag an am céanna, bhí sé ag imirt san fhoireann faoi-21 freisin, agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann dhá bhliain i ndiaidh a chéile idir na blianta 1974 agus 1975. Sna séasúir céanna, bhain Mac Óda amach a chéad bhoinn sinsearacha i gCraobh Laighean agus Craobh na hÉireann. Mar aitheantas ar an rath a bhí aige, bronnadh a chéad gradam Sárimreoirí na Bliana air sa bhliain 1975. Ní raibh an t-ádh ar na gCait sna blianta 1976 agus 1977, tréimhse ina raibh Loch Garman ag fáil an lámh in uachtar sa chúige.



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 1983 - 23ú corn
1 N. Ó Sceacháin | 2 S. Mac Éinrí | 3 B. Mac Óda | 4 R. Ó hEára | 5 S. Ó hAonasa | 6 G. Mac Éinrí | 7 P. de Priondragás | 8 P. Ó Coimín | 9 G. Ó Fionnalaigh | 10 R. de Paor | 11 C. Ó Braonáin | 12 L. Ó Fionnalaigh (capt.) | 13 L. Mac Giolla Phádraig | 14 C. Ó hIfearnáin | 15 A. Ó Riain | Fir ionaid P. Ó Leannáin | Bainisteoir: P. Mac Éinrí



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2006 - 29ú corn
1 S. Mac Fhearaigh | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial (capt.) | 5 S. Ó Raghaill | 6 S. Tennyson | 7 T. Breathnach | 8 S. Mac Giolla Phádraig | 9 D. Ó Loinn | 10 R. de Paor | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid L. Ó Dubhuir | R. Ó Maolalaidh | Bainisteoir: B. Mac Óda



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2007 - 30ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 D. Ó Loinn | 9 S. Mac Giolla Phádraig | 10 É. Ó Braonáin | 11 A. Ó Sibhleáin (capt.) | 12 E. Ó Lorcáin | 13 L. Ó Duibhir | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid: S. Tennyson | M. Ó Fionnalaigh | R. de Paor | Bainisteoir: B. Mac Óda



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2008 - 31ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 S. Mac Giolla Phádraig (capt.) | 9 D. Ó Loinn | 10 M. Mac Cumascaigh | 11 R. de Paor | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 A. Ó Sibhleáin | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 16 S. Mac Fhearaigh | 28 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2009 - 32ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 S. S. Ó Dúláinne | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 B. Ó hÓgáin | 7 S. Tennyson | 8 D. Ó Loinn | 9 M. Rís | 10 R. Ó hÓgáin | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 R. de Paor | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 21 M. Ó Fionnalaigh (capt.) | 22 M. Mac Cumascaigh | 27 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda