Pádraig de Priondragás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig de Priondragás
Beathaisnéis
Breith1958
65/66 bliana d'aois
Clárach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Pádraig de Priondragás
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla Patrick Prendergast
Dáta breithe 1958
Dáta báis
Áit bhreithe Clárach, Contae Chill Chainnigh
Airde
Leasainm Paddy
Eolas club
Club Clárach
Ionad Leathchúlaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Clárach
Idirchontae
Contae Cill Chainnigh
Ionad Leathchúlaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Cill Chainnigh 1970idí - 1980idí
Duaiseanna
Craobh Cúige Laighean 6
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 3
Sárimreoirí 1

Is iar-dhuine spóirt é Pádraig de Priondragás (Béarla: Paddy Prendergast) a rugadh sa bhliain 1958 sa bhaile beag Clárach i gContae Chill Chainnigh. D’imir sé iománaíocht leis a fhoireann áitiúil Clárach agus foireann idirchontae Chill Chainnigh sna 1970idí agus na 1980idí.

Gairmréim iomána[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir de Priondragás a chuid iomána áitiúil le Clárach agus bhí rath nach beag aige leo. An t-éacht ba mhó a bhain sé amach mar bhall den fhoireann, gan dabht, ná an bua i gCraobh an Chontae sa bhliain 1986 in aghaidh Na Seamróga Baile Héil, fathaigh an chontae.

Idirchontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág sé a rian ar chúrsaí iomána an chontae don chéad uair mar bhall de fhoireann mionúr Chill Chainnigh. Bhuaigh sé craobh Laighean ag an leibhéal seo sa bhliain 1975, sular chuir sé corn uile-Éireann leis in aghaidh Chorcaí. Bhailigh sé bonn Laighean eile sa bhliain 1976, ach fuair Tiobraid Árainn an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais. Sa bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach i bhfoireann faoi-21 na gCat, agus bhaineadar Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann amach sa bhliain 1977.

Níor thúisce go raibh sé briste isteach i bhfoireann na sinsir sa bhliain 1978 ná gur bhuaigh sé a chéad bhonn Laighean leo sa bhliain 1978. Shroich sé a chéad chluiche ceannais sa bhliain chéanna, ach ní raibh Cill Chainnigh in ann stop a chur le Corcaigh agus iad ag baint an “trí cinn as a chéile” amach ar an lá seo. Bhuaigh sé bonn Laighean arís an bhliain dár gcionn, agus áit arís i gcluiche deiridh na bliana seo. Bhí Gaillimh ós a gcomhair, ach bhuaigh na Cait orthu agus bhí a chéad bhonn uile-Éireann tógtha aige. Bhí tréimhse ghearr mí-rathúil ag Cill Chainnigh ar feadh cúpla bliain ach tháinig siad ar ais sa bhliain 1982 chun an tSraith a bhuachaint. Lean an rath ar aghaidh sa chraobh, le buanna i gCúige Laighean agus i gcluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Chorcaí. Bhí a éachtaí tugtha faoi deara agus bronnadh duais All-Star air.

Sa bhliain 1983, bhuaigh sé a dara bonn sa tSraith sular bhailigh sé a cheathrú corn Laighean. Bhí Corcaigh acu mar chéilí comhraic sa chluiche ceannais, agus bhí an lá ag na gCait arís. Bronnadh a thríú bonn air. Díchorónaíodh na Cait i gCúige Laighean as seo amach ar feadh cúpla bliain, ach d’fhill siad sa bhliain 1986 le bua sa tSraith agus i gCúige Laighean. Níor shroich siad an cluiche mór, áfach, mar chuir Gaillimh deireadh leo ag an babhta leathcheannais. Don bhliain 1987, ainmníodh de Priondragás mar chaptaen na foirne. Thóg sé na Cait chun bua eile i gCraobh Laighean, ach bhí Gaillimh ar an bhfoireann ab fhearr ar an lá arís. D’éirigh sé as tamall ghearr ina dhiaidh.



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 1983 - 23ú corn
1 N. Ó Sceacháin | 2 S. Mac Éinrí | 3 B. Mac Óda | 4 R. Ó hEára | 5 S. Ó hAonasa | 6 G. Mac Éinrí | 7 P. de Priondragás | 8 P. Ó Coimín | 9 G. Ó Fionnalaigh | 10 R. de Paor | 11 C. Ó Braonáin | 12 L. Ó Fionnalaigh (capt.) | 13 L. Mac Giolla Phádraig | 14 C. Ó hIfearnáin | 15 A. Ó Riain | Fir ionaid P. Ó Leannáin | Bainisteoir: P. Mac Éinrí