Zú Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bealach isteach

Is éard is Zú Bhaile Átha Cliath (nó Gáirdín na n-Ainmhithe, Baile Átha Cliath, Béarla: Dublin Zoo) ann ná atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath in Éirinn. Is é ceann de na zúnna is mó in Éirinn agus is é ceann de na rudaí is mó a mheallann daoine go Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh é i 1831 agus an ról ata ag an zú ná caomhnú gnáthóige, staidéar agus oideachas. An chuspóir atá aige ná "oibrigh i gcomhpáirtíocht le zúnna ar fud an Domhain chun sintúis a thabhairt ar son caomhnú speiceas ata i mbaol ar fud an Domhain".

Clúdaíonn sé ós cionn 28 heictéar (69 acra) de Pháirc an Fhionn Uisce agus scairtear suas é i limistéir éagsúla faoi na hainmneacha 'Domhain na Cait', 'Domhain na bPríomhaigh', 'Conair Foraoise Kaziranga', 'Imill an tArtach', 'Machairí na hAfraice', 'Éin', 'Reptílí', 'Plandaí', 'Feirm Cathrach' agus 'Speiceas atá i mBaol'.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

19ú Aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Sochaí Zúeolaíochta Ríoga na hÉireann ag cruiinniú in Ospidéal an Rotunda ar an 10 Bealtaine 1830 agus osclaíodh an Zú, nó Gáirdín Ainmhithe Baile Átha Cliath mar a thugtar air ag an am, ar an 1ú Meán Fómhar 1831. Bhronn Zú Londain na hainmhithe, 46 mamach agus 72 éan, orthu.

Ní haon comhtharlú a bhí ann gur bhall den ngairm leighis a bhí i mbunaitheoirí Zú Bhaile Átha Cliath. Bhí an suim acu i staidéar a dhéanamh ar ainmhí agus iad beo agus go háirithe nuair a fuair siad bás. Ins sna 1830idí d'aistríodh na dlíthe maidir le corpáin a úsáideadh i gcomhair leighis. Suas go dtí sin, bhí ar éinne nach raibh bainteach le ceann de na institiúidí móra leighis dul agus uaigheanna a ghoid chun corpán a fháíl le haghaidh staidéar. Mar sin, cheap na mbunaitheoirí gur éacht mhór é bheith in ann corp príomhaigh a fháil gan uaigh a ghoid.

Ar dtús is sé pingine a praghas a bhí ar dul isteach sa Zú, suim mheasartha airgid ag an am agus mar sin is daoine saibhir mean-aicmeach a chuaigh ann ar dtús. Rinne Zú Bhaile Átha Cliath an cinne a praghas a laghdú go pingin gach Domhnach, mar sin bhí beagnach gach Baile Átha Cliathach i d'achmhainn dul ag an Zú ó am go ham agus bhí an tóir ar ó seo ar aghaidh.

Sa bhliain 1833, tógaidh an chéad lóiste iontráil isteach sa Zú ar costas £30. Tá an foirgneamh le dian ceann tuí fós le feiceáil inniú, díreach ar dheis don slí isteach atá ann faoi láthair. I 1838, bhí lá oscailte ag an Zú chun cuairt an Banríon Victoria a cheiliúradh - d'fhreastal 20,000 duine ar an lá oscailte, an méid is mó daoine riamh a thug cuairt ar an Zú in aon lá amháin. Ba é Ulysses S. Grant, an 18ú Uachtarán na Stát Aontaithe, ann de na céad daoine a tháinig chun na leoin, a bhfuil cáil domhanda orthu, a fheiceáil in an 19ú aois. Tógaidh na céad seomraí tae i 1898.

Sa bhliain 1844, fuair an Zú a chéad sioráf, agus i 1855 cheannaigh siad a chéad péire leoin. Shíolraigh iad seo den chéad uair i 1857. Fuair na reiptilí a teach féin sa bhliain 1876.

20ú Aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 17ú Meitheamh 1903, mharaigh eilifint darbh ainm Sita a coimeadaí agus é ag tabhairt aire dá cos gortaithe. Chuir baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann chun suain í. Chuir troid agus an cogadh isteach ar an Zú. I rith Éirí Amach na Cásca i 1916, rith siad amach as feol agus sa choi go mairfeadh na leoin agus tíogair bhí orthu roinnt ainmhí eile sa Zú a mharú. Rugadh ar leon darbh ainm Slats sa Zú ar an 20ú Márta 1919. Dar leis an leabhair, Dublin Zoo: An Illustrated History le Catherine De Courcy, ba é ceann de na leon a rinne an stuideó scannáín Metro-Goldwyn-Mayer taifead air i 1928 le núsáid mar a sonóg Leo.

Idir 1989 agus 1990, bhí fadhbanna airgeadais ag an Zú comh donna sin go raibh an chomhairle ag smaoineamh faoi é a dhúnadh ach thug an rialtas deontas bliantúil fiúntach dóibh, mar a dhéanann tíortha eile na hEorpa. Cuireadh 13 heictéar (32 ácra) de thalamh mórthimpeall ar an loch i dtaillte Áras an Uachtaráin leis an Zú i 1997. Chuir é seo feabhas ollmhór ar an méid spás a bhí ar fáil do na hainmhí.

21ú Aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010, thug 963,053 duine cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath.

Tá srath faisnéise The Zoo de chuid RTÉ, léirithe ag Moondance Productions taifeadta go hiomlán ar an láthair i Zú Bhaile Átha Cliath, agus craoltar ar RTÉ a hAon é in Éirinn ó 2011, ar VRT sa Bheilig ó 2011 agus ar Discovery Animal Planet ins an Ríocht Aontaithe ó 2012.

I 2013, gortaíodh cailín óg dhá bhlian d'aois agus a máthair agus iad ar cuairt leis na taipir Deas-Mheiriceánach. Dúirt an Zú go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar a gnásanna i gcomhair na cuairteanna seo.

Caomhnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an zú mar pháirt de chlár domhanda le speiceas atá i mbaol a chur ag síolrú. Is ball é de Chlár na Speiceas Atá i mBaol na hEorpa (EEP), a cabhraíonn le caomhnú speiceas atá i mbaol san Eoraip. Tá comhordaitheoir aonaireach ag gach speiceas a bhfuil an EEP i bhfeighil ar, atá freagrach as méadú grúpaí síolraithe agus an aidhm atá acu ná daonra atá cothrom go géiniteach a fháil.

Tá Zú Bhaile Átha Cliath freagrach as an tamairín leonta órga agus an cocatú Molacaígh. Tá roinnt marmaiséad Goeldi agus sacaí aghaidhbhán, atá ina bhaill den EEP chomh maith, sa Zú. Is é caomhnú príomhfheidhm an clár, chomh maith le taighde, staidéar agus oideachas.

Ialtóga Mheasa Rodrigues[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad ialtóga mheasa Rodrigues ceann de na specieas atá i mbaol atá i Zú Bhaile Átha Cliath. Itheann ialtóga mheasa torthaí agus de bharr seo tá siad riachtanach don foraois bháistí. Ní féidir le ialtóga síolta na torthaí a dhíleá, mar sin fágann na síolta córas díleá an ialtóg clúdaithe le leasachán. Gan íoltóga, ní bheidh go leor foraois bháistí in ann a síolta féin a cuir.

Le déanaí, tá Zú Bhaile Átha Cliath tar éis clós níos móire a thógaíl do na heilifintí Afraiceach agus leag siad Teach Nesbit (teach na nialtóga). Tá na ialtóga mheasa Rodrigues anois i dTeach Robert (teach éan), atá suite in aice na léamair bandearrach.

Tamairín Leonta Órga[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • e Bhí an tUachtarán Ulysses Grant ar dhuine de na daoine cáiliúla a thug cuairt ar an zú sa 19ú hAois.
  • Sa bhliain 1994 dheonaigh an rialtas €19 million don Zú le haghaidh feabhsuithe.
  • Sa bhliain 1838 d'eagraigh an zú lá oscailte, le corónú Victoria mar bhanríon a cheiliúradh.
  • Sa bhliain 1844 fuair an zú a gcéad sioráf.
  • Sa bhliain a cheannaigh an zú an chéad péire leon.
  • Sa bhliain 1903 maraíodh an eilifint (Sita) mar mharaigh sí coimeádaí de chuid an zú.