Jump to content

Vicipéid:Laethanta roghnaithe/22 Feabhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an 22 Feabhra an 53ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 312 lá fágtha sa bhliain nó 313 i mbliain bhisigh.

Inniu Lá na Saoirse i San Lucia agus Breithlá Washington sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ted Kennedy

  • 1512 Cailleadh Amerigo Vespucci, taiscéalaí (r.1454)
  • 1732 Rugadh George Washington, 1ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1799)
  • 1788 Rugadh Arthur Schopenhauer, fealsamh Gearmánach (b.1860)
  • 1900 Rugadh Seán Ó Faoláin, scríbhneoir Éireannach (b.1991)
  • 1913 Cailleadh Ferdinand de Saussure, teangeolaí Eilvéiseach (r.1857)
  • 1932 Rugadh Ted Kennedy, polaiteoir Meiriceánach (b.2009)
  • 1943 Rugadh Horst Köhler, polaiteoir Gearmánach
  • 1972 Mharaigh buama den tIRA seisear ag Beairic Aldershot i Sasana
  • 1987 Cailleadh Andy Warhol, ealaíontóir (r.1928)
  • 1997 Déanadh clónáil ar chaora darbh ainm "Dolly" in Albain
  • Tuilleadh teagmhais: 21 Feabhra22 Feabhra23 Feabhra