Taiscéalaí a rugadh i bhFirenzena hIodáile ab ea Amerigo Vespucci (1454-1512). D'eagraigh sé aistear don Domhan Úr tar éis do Columbus filleadh don Eoraip, agus thaiscéal cósta Veiniséala. Ainmníodh Meiriceá as de bharr a thuairisce ar a aistear, a thug le tuiscint gur tháinig sé ar mhórthír Mheiriceá i 1497.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.