Umhaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Umaill)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilUmhaill

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisTánaisteacht Cuir in eagar ar Wikidata

Tuath i gCúige Chonnacht na meánaoise ba ea Umhaill (Sean-Ghaeilge Umaill). In áit a cuid críoch inniu, faightear barúntachtaí Bhuiríos Umhaill agus Mhuraisce, mar atá, na tailte in aice le Cuan Mó, Maigh Eo.


Tuath uathrialach laistigh de Ríocht na hÉireann a bhí ann go dtí an bhliain 1576, nuair a ghlac a banríon Gráinne Ní Mháille leis an mbeartas 'géilleadh agus athbhronnadh', agus tugadh gníomhas teidil nua dí. Tar éis a báis, fuair a mac, Tiobóid na Long, na tailte le hoidhreacht.

Uí Mháille


Oidhre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair cultúr na nGael agus an Ghaeilge sa cheantar níos faide ná in aon cheantar eile in Éirinn.[fíoras?]Acaill agus An Corrán inniu mar chuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Ríthe Umhaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Ríthe Umhaill

An chlann leathstairiúil Tuath mhac nUmhoir ba ea ríthe is luaite Umhaill. Tugadh an t-ainm Uí Bhriúin Umhaill ar na ríthe stairiúla is luaite, chun bréag ghaol a mhaíomh le hUí Briúin na gConnacht. Faoin 12ú haois, bhí an sloinne Ó Máille glactha ag an rítheaghlach. Bhíothas den bharúil gurbh iadsan agus clanna Uí Dhubhda, Uí Fhlaithbheartaigh agus Mac Conraoi ina bpríomhchlanna mara na gConnacht.

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Annál Meán-Ghaeilge Gaeilge
AU 812.8 Ar gennte la firu h-Umhaill. Ár gall [Lochlannach] ag fir Umhaill
AU 813.4 Ar n-Umill la gennti ubi ceciderunt Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rex h-Umhaill. Ár Umaill ag gaill inar maraíodh Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rí Umhaill.
ACM 848.11 Loch Laoigh h-i c-crich n-Umhaill la Connachtaibh do élúdh. Loch Laoigh i gcríocha Umhaill sna Cuideachta, d'éalú
AU 913.6 Sloghedh la Niall m. n-Aedho co Connachta & cathroiniudh riam for ócu Tuaiscirt Connacht, .i. for Ou Amalngada & for Firu h-Umaill ... Slógadh ag Niall Glúndubh go Connachta agus inflicted a battle-rout ar óglaigh thuaisceart Chonnacht, .i. ar Uí Amalgada agus ar fhir Umhaill,
ACM 1002.10 Conchobhar, mac Maoil Sechlainn, tigherna Corca Modhruadh, & Aicher ua Traighthech, do mharbhadh lá Feraibh Umhaill, co sochaidhibh oile. Maraíodh Conchúr Mac Maoil Seachlainn, tiarna Chorca Mrua agus Aichear ó Trátheach ag fir Umhaill, le sochaí eile
ACM 1219.5 Dubhdara mac Muiredhaigh Ui Maille do mharbhadh i n-geimheal la Cathal Croibhdhercc i n-a longphort fein tré n-a mhighníomhaibh. Maraíodh Dubhdara mac Muireadhaigh Uí Mháille i ngeimheal ag Cathal Crobhdhearg ina longphort féin trína míghníomhartha.
ACM 1415.3 Creach mhór do dhenamh d'Ua Mhaille .i. Aedh for Dhiarmaid Ua Mhaille, & Diarmaid do ghabháil oilén Uí Mhaille, & Aodh do dhul i n- iarmhóracht Diarmada, ferthar iomaireg etorra, & ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid & a mac Concobhar, & mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachas Umhaill ré sliocht Aodha ó sin amach, & gabaidh Diarmaid tighearnas.
ACM 1417.5 Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Umaill ar medievalscotland.org

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]