Tiobóid na Long
Tiobóid na Long | |||||
---|---|---|---|---|---|
| |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | 1567 | ||||
Náisiúntacht | Ríoghacht Éireann | ||||
Bás | Contae Mhaigh Eo, 18 Meitheamh 1629 | ||||
Muintir | |||||
Athair | Risdeárd an Iarainn Búrc | ||||
Máthair | Gráinne Ní Mháille | ||||
Céile/Céilí | Maud Sligo (en) ![]() | ||||
Páistí | liosta iomláin | ||||
Treibh | Teach de Búrca | ||||
Gairm |
Ba thaoiseach Éireannach é Tiobóid na Long de Búrca. Rugadh ar muir é sa bhliain 1567 , agus cailleadh ar 18 Meitheamh 1629 i gCeann Toirc i gContae Mhaigh Eo. Ba é taoiseach na mBúrcach i gContae Mhaigh Eo é, agus bhronn na Gaill teideal "Viscount Mayo" air.
Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Tiobóid de Búrca ar bord loinge sa bhliain 1567, díreach roimh chath i gcoinne foghlaithe mara de réir na scéalta. Ba í Gráinne Ní Mháille (1530-1603) a mháthair, agus ba é Risteárd an Iarainn ("mac Emainn mic Uillicc"), [1] a athair. Ba é siúd an dara fear céile ag Gráinne.
Phós Tiobóid Méadhbh, iníon Dhónaill Uí Chonchúir Shligigh, sa bhliain 1584 agus rugadh ochtar clainne dóibh.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Tiobóid mar ghiall ag na Gaill sna blianta 1585-1586. D'fhoghlaim sé roinnt Béarla agus é ina phríosúnach, agus bhí sé páirteach i gcathanna i gcoinne na Sasanach sna 1580í agus sna 1590í. Níor throid sé ar son na nGael, áfach, i gCogadh na Naoi mBliana. Ghabh na Sasanaigh é i dtús an chogaidh, rud a lig do Ó Dónaill neartú le fear eile mar thaoiseach na mBúrcach. Bhí cloch sa mhuinchille ag Tiobóid do Ó Dónaill dá bharr.
Fuair Tiobóid cúiteamh i ndiaidh an chogaidh: rinneadh "Sir Tibbot ne Longe Bourke" de sa bhliain 1604 agus rinneadh "Viscount Mayo" de sa bhliain 1627.
Cailleadh Tiobóid de Búrca ar an ochtú lá déag de mhí an Mheithimh sa bhliain 1629 agus cuireadh i Mainistir Bhaile an Tobair é.