Titus Brandsma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (nl) Anno Sjoerd Brandsma 23 Feabhra 1881 Bolsward, An Ísiltír |
| Bás | 26 Iúil 1942 61 bliana d'aois Campa Géibhinn Dachau (Gearmáin na Naitsithe) |
| Siocair bháis | Instealladh marfach |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Caitliceachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra |
| Teanga dhúchais | an Ollainnis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Diagacht Chaitliceach |
| Suíomh oibre | Nijmegen (1923–1942) An Róimh (1906–1909) |
| Gairm | sagart Caitliceach (1905–), múinteoir ollscoile, diagaire |
| Fostóir | Ollscoil Radboud, Nijmegen, Dutch ordinary professor (en) Ollscoil Radboud, Nijmegen |
| Teangacha | Esperanto agus an Ollainnis |
| Ord crábhaidh | Cairmilítigh |
| Ardú | |
| |
| Lá féile | 27 Iúil |
| Fearann an naoimh nó an dé | Iriseoir |
| Croineolaíocht | |
| 15 Bealtaine 2022 | canónú |
| 3 Samhain 1985 | beatification (en) |
| 17 Meitheamh 1905 | priestly ordination in the Roman rite (en) |
Ba Cairmilíteach ón Ísiltír é Títus Brandsma a cuireadh chun báis i Dachau sa bhliain 1942.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Anno Sjoerd Brandsma i bhFreisland ar 23 Feabhra 1881, Feirmeoirí beaga ba ea na Brandsma, agus Caitlicigh chomh maith, rud annamh sa cheantar sin. Ba í an Fhreaslainnis an teanga dúchais acu.
Chuaigh Brandsma isteach san Ord Caimilíteach sa bhliain 1898, agus ghlac sé an t-ainm Títus. Rinne sé staidéar ar an fhealsúnacht agus diagacht agus bhain sé céim dochtúireachta amach i 1909. D'éirigh sé ina ollamh in Ollscoil Caitiliceach Nijmegen agus ina reachtaire ann ar feadh seal. Ag an am céanna, bhí sé ina iriseoir.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhan Brandsma i mBaile Átha Cliath sa phobal Cairmilíteach i Sráid na mBráthair Bán agus i gCionn tSáile nuair a bhí an Béarla a fhoghlaim aige.[1]
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ní raibh na nEaspaig san Ísiltír sásta bolscaireacht "sóisialach náisiúnta" a fhoilsiú. Bhí Brandsma ag áitiú ar eagarthóirí na nuachtán Caitliceach san Ollainn gan forógraí bolscaireachta na Naitsithe a chur i gcló.
Cimíodh Brandsma i Eanáir 1942. Cuireadh isteach i campaí géibhinn áirithe ina rinneadh turgnamh leighis air. Bhris a shláinte agus cuireadh chun báis é le hinstealladh nimhneach ar 26 Iúil 1942. Thug an Pápa Eoin Pól II an teideal 'beannaithe' dó sa bhliain 1985. Rinne an Pápa Froinnsias naomh de i 2022.

Tá an iris Chaitliceach Éireannach "The Brandsma Review", a bhunaíodh in 1992, ainmnithe ina onóir.