The Brandsma Review

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Titus Brandsma

Iris Chaitiliceach den eite dheis í The Brandsma Review atá á fhoilsiú in Éirinn.[1]

Bunaíodh an iris i mBaile Átha Cliath in Iúil 1992 tar éis "Cás X" (ginnmhilleadh). Tá an iris ainmnithe in omós do Títus Brandsma, sagart Ollanach Cairmíliteach. Rinne sé staidéar ar an mBéarla i Sráid na mBráthar Bán i mBaile Átha Cliath agus chuir na Naitsithe chun bás é i Dachau sa bhliain 1942.

Tá manna Laidinne ag an iris "Pro Vita, Pro Ecclesia Dei et Pro Hibernia" a chiallaíonn go bhfuil an iris in aghaidh an ghinmhillte, ar son Eaglais Dé agus ar son na hÉireann. Ghlacadh an teideal "Ecclesia Dé" ó thréad-cáipéis Eoin Pól II i leith an Aifrinn Laidinigh in 1988.

Bhí Nioclás Ó Labhraigh ina eagarthóir idir 1992 agus 2011., agus Peadar Laighléis ó 2012.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Gaeilge" (en). The Brandsma Review (2016-12-28). Dáta rochtana: 2019-07-20.
  2. ie.linkedin.com. "Peadar Laighléis". Dáta rochtana: 2019.