Is éard is tioraimín[1] ann ná comhdhúil a fhaightear ón aimíonaigéad tíoraisín, i láthair i mbianna cosúil le cáiseanna is fíonta. Tá einsím i gconair an díleá, monaimín ocsaídeáis (MOA), a chabhraíonn lena dhíghrádú is a dhíleá. Má bhíonn laghdú san MOA, rud a tharlaíonn le húsáid drugaí áirithe frithdhúlagráin, carnann an tíoraimín sa cholainn agus ardaíonn sé seo an brú fola. Uaireanta ciapann méigrim duine le farasbarr tíoraimín.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.