Anthozoa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAnthozoa Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deCoiréal Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamCnidaria
AicmeAnthozoa Cuir in eagar ar Wikidata
Ehrenberg, 1834

Rang na n-inveirteabrach muirí is ea Anthozoa, a chuimsíonnn bundúin leice, coiréil chlochacha, coiréil bhoga agus gorgainigh. Bíonn formhór na hanthozoa fásta ceangailte le ghrinneall na farraige, cé gur féidir a larbhaí spréigh amach mar chuid den planctóin. Is í an pholaip aonad bunúsach na bpolaip aibí; is éard a bhíonn ann ná colún sorcóireach agus diosca ar a bhar, le béal lárnach timpeallaithe ag braiteoga. Bíonn bundúin leice farraige den chuid is mó aonarach, ach tá an chuid is mó de na coiréil coilíneach,iad a bheith déanta ag péacadh na bpolaipí nua ón bhunaidh. Neartaítear na coilíneachtaí ag carbónáit chailciam agus ábhair eile, agus glacann siad foirmeacha éagsúla ollmhóra, plátúla, tomógacha nó duilleacha.

Tá Anthozoa san áireamh laistigh den fhíleam Cnidaria, lena n-áirítear freisin na smugairlí róin, smugairlí cuachacha agus Myxozoa agus Polypodiozoa seadánacha. An dá phríomh fho-aicmí den Anthozoa is ea an Hexacorallia, comhaltaí dá bhaill a bhfuil siméadracht faoi shé, agus áirítear leis an coiréil clochacha, bundúin leice, bundúin fheadáin agus Zoantharia; agus Octocorallia a bhíonn siméadracht faoi a hocht, agus ina measc siúd áirítear na coiréil bhoga agus na gorgainigh (pinn mhara,feananna mara agus fuipeanna mara), agus goirmíní mara. Tá Ceriantharia, an fho-aicme níos lú, comhdhéanta de bhundúin leice a mhaireann faoi thalamh, i ndríodair bhoga.