Spionáiste
Jump to navigation
Jump to search
Spionáiste | |||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() Spionáiste faoi bhláth
| |||||||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
Spinacia oleracea L. | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
|
Planda bláthach inite sa bhfine Amaranthaceae, a bhíonn dúchasach san Áise láir agus iarthair, is ea spionáiste. Is planda bliantúil é (corruair débhliantúil), a fhásann suas le 30 cm ar airde. Féadfaidh spionáiste maireachtáil thar an gheimhridh i réigiúin mheasartha. Duillí ailtéarnacha, simplí , ubhacha go triantánacha, agus an-athraitheacha i méid ó thart ar 2-30 cm ar fad agus 1-15 cm ar leithead a bhíonn acu, le duillí móra ag bun na bplandaí agus duillí beaga níos airde ar an bhláthghas. Bíonn na bláthanna neamhfheiceálach, buí-uaine, 3-4 mm ar thrastomhas, ag teacht in aibíocht mar chrobhaing chnapach torthaí a bhíonn beag, crua agus tirim, 5-10 mm ar fud, agus ina mbíonn roinnt síolta .