Pónaire shoighe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPónaire shoighe
Glycine max Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo depónaire shoighe, úsc soighe, leicitin soighe, ola pónairí soighe agus soy isoflavones (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
GéineasGlycine
SpeiceasGlycine max Cuir in eagar ar Wikidata
Merr., 1917
Ainmníocht
BasainmPhaseolus max Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha
Pónairí soighe ar chraobhóg den tom

Planda tomach scothdhearg gruagach bliantúil a fhásann 2 m ar airde is ea an planda pónairí soighe[1]pónaire shoighe. Bíonn 3 dhuilleoigín ubhchruthacha leathana ar na duilleoga. Na pisbhláthanna neamhfheiceálach, corcarghorm, bándearg nó bán, ina gcrobhaingí in ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 8 cm ar fhad, gruagach. Saothraithe leis na cianta in oirthear na hÁise, agus in iliomad gnéithe anois sa Seandomhan is an Domhan Úr. Na síolta lán de phróitéin: itear iad mar ghlasraí agus úsáidtear iad chun feoil shaorga, plúr, is ola i gcomhair margairín is cócaireachta a tháirgeadh. Tá an iliomad úsáid thionsclaíoch ann: i gcruain, péinteanna, vearnaisí, bealaitheoirí is malartaigh rubair. Na plandaí suntasach mar chothú do stoc feirme.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Glycine max” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Pónaire soighe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 533.