Drugaí a fheabhsaíonn giúmar duine atá i ndúlagar. 3 chineál atá ann: ceimiceáin thríchioglacha (mar shampla, imeapraimín, aimitriptilín), coscairí ocsaíodáis monaimíne (mar shampla, iseacarbocsaisíd, féinilséin), agus coscairí atógáil séireatóinine (mar shampla, Prozac). Agus é ag tástáil drugaí frith-hiostaimín i 1958, fuair an lia Eilvéiseach Richard Kuhn (1900-1967) amach go raibh iarmhairtí fabhracha ag imeapraimín ar othair le dúlagar, agus úsáidtear go forleathan inniu é mar fhrithdhúlagrán. Thángthas ar an dara cineál drugaí de thaisme freisin, i 1952 nuair a fuarthas go raibh iarmhairt fhrithdhúlagrach ag an druga eitinne ipriniaisíd. Tarlaíonn imoibriú an-dochrach idir an cineál seo druga is bianna áirithe, cosúil le cáis is fíon dearg, agus mar sin ní úsáidtear ach go hannamh iad. Saothraíodh an 3ú cineál sna 1960idí, agus is beag fo-iarsmaí a bhaineann leo i gcomparáid leis na seanfhrithdhúlagráin. Baintear feidhm as litiam mar chóireáil ar shíocóis mháindúlagrach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.