Pyotr Ilyich Tchaikovsky
Cumadóir Rúiseach a bhí i bPyotr Ilyich Tchaikovsky (Rúisis: Пётр Ильич Чайковский) (7 Bealtaine, 1840 - 6 Samhain, 1893). Tá clú agus cáil air ar fud an domhain. Meastar go bhfuil sé ar dhuine de na cumadóirí is tábhachtaí i stair an cheoil.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Tchaikovsky i Votkinsk, cathair bheag in Udmurtiya, an dara páisete de sheisear clainne. Bhí a mhuintir saibhir.
Sa bhliain 1854, in aois 14, thosaigh sé ag cumadóireacht tar éis dá mháthair bás a fáil go tobann. In 1859, cháiligh sé ón Scoll Dlí Impiriúlach agus fuair sé post mar chléireach dlí.
In 1863, in aois 23, d'éirigh sé as a phost agus d'fhreastail sé ar an Ardscoil Cheoil i gCathair Pheadair. Cháiligh sé tar éis ceithre bliana. In 1866, thosaigh sé ag múineadh ceoil san ardscoil nua i Moscó.
In 1876, fuair sé patrúnacht ó bhaintreach shaibhir, Madame von Meck. Thug sí $600 sa bhliain dó ar feadh 14 bliain, a chabhraigh leis cumadh go lánaimseartha. Ach níor casadh ar a chéile iad riamh.
Sa bhliain 1877, chum sé Loch na nEalaí. Ach ansin chlis a shláinte intinne agus chuaigh sé go dtí an Eilvéis agus an Iodáil chun sos a fháil.
In 1885, bhronn Sár na Rúise gradam air agus bhl cáil ar a chuid ceoil ar fud nEorpa. Ach chaith sé a lán ama ina aonar faoin tuath sa Rúis.
In 1893, in aois 53, fuair sé bás i gCathair Pheadair. Creidtear gur tháinig galar an chalair air nuair a d'ól sé uisce salach.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cumadóir a chum sa stíl Rómánsach ab ea Tchaikovsky. Scríobh sé siansaí, coinséartaí, ceoldrámaí, bailéanna, agus ceol aireagail.
Léirigh an Bhailé Impiriúil na Rúise (an Bolshoi) Лебединое Озеро (Loch na hEala nó Swan Lake) don chéad uair, ar an 4 Márta 1877 i Moscó[2].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Сайт о Петре Ильиче Чайковском
- tchaikovsky-research.net
- Сайт музея-усадьбы Петра Ильича Чайковского Curtha i gcartlann 2012-04-26 ar an Wayback Machine
- Music Analysis. Aspects on sexuality and structure in the later symphonies of Tchaikovsky.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death of Pyotr Ilyich Tchaikovsky" (as en) (2021-07-06). Wikipedia.
- ↑ Chaĭkovskiĭ, Modest Ilʹich; Newmarch, Jeaffreson; Rosa Harriet (1906). The life & letters of Peter Ilich Tchaikovsky. J Lane. leathanach 735.